Cuardaigh

Acmhainní

Sa chuid seo, tá acmhainní tacaíochta a bhaineann le Treoir.

Nuachtlitreacha Treorach 2024-25

Nuachtlitir na Foirne Treorach – Meitheamh 2025

Caitheann muid solas ar Ghnó i bPobal na hÉireann (BITCI), a gcuidíonn a gcláir scoile – óLéargais Tionscail do Mhúinteoirí go Bainistíocht Barr Feabhais do Phríomhoidí – leis anmbearna idir oideachas agus saol na hoibre a dhúnadh.Nascann ár ngné IS i Scoileanna, le hobair Theicneolaíocht san Oideachas Oide, ag tabhairt isteach an Chreata RIST i gcomhair innealtóireacht leide le IS Giniúnach, lena n-áirítear sampla praiticiúil a cuireadh in oiriúint do Threoirchomhairleoirí.Tá ríméad orainn freisin ionchur a roinnt ó Des Aston ag Ionad na Tríonóide do Dhaoinefaoi Mhíchumas Intleachtúil, ag cur béim ar an gclár claochlaitheach sna hEalaíona,Eolaíocht agus Cleachtas Cuimsitheach Feidhmeach, ina gcumasctar oideachascuimsitheach le taithí oibre sa saol fíor.

Nuachtlitir na Foirne Treorach – Feabhra 2025

Tá an t-eagrán seo lán le léargais agus le huasdátuithe chun tacú le do chuid oibre sa treoir, ó fhorbairtí beartais náisiúnta go hacmhainní praiticiúla le haghaidh fiosrúcháin ghairme san Idirbhliain. Cuirimid béim freisin ar imeachtaí atá le teacht, lena n-áirítear ár n-Eispéiris Foghlama Ghairmiúla atá le teacht ag Comhdháil an ITC, agus roinnimid sonraí maidir le deiseanna nua forbairt ghairmiúil do Threoirchomhairleoirí agus do Cheannairí Scoile Sinsearacha agus dóibh siúd a bhfuil baint acu le Treoir na Scoile Uile. Cibé acu atá smaointe úra nó uasdátuithe tábhachtacha á lorg agat, tá neart anseo le léamh tríd. 

Nuachtlitir na Foirne Treorach – Nollaig 2024

Fáilte go dtí an Dara Nuachtlitir Threorach Oide againn in 2024-25. Roinneann Daniel McFarlene, Bainisteoir Rochtana le Cumann Ollscoileanna Éireann, leideanna tábhachtacha maidir le cur i láthair sa seomra ranga ar chláir DARE/HEAR. Do scoláirí a bhfuil suim acu in Allied Health Care, tá athrú mór maidir le hiontráil go hOllscoil Uladh do Mheán Fómhair 2025 agus éilítear ar iarratasóirí MSAT Uladh a dhéanamh. Tarraingíonn an t-eagrán aird freisin ar Sárlaochra Tógála, ina bhfuil trí fhíseán a léiríonn deiseanna tógála. Tá sé mar aidhm ag feachtas DFHERIS (Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta)  fáil réidh le miotais faoi ghairmeacha beatha san fhoirgníocht.   

Nuachtlitir na Foirne Treorach – Deireadh Fómhair 2024

Sa nuachtlitir seo cuirtear i láthair Foireann Treorach Oide do 2024/25. Léirítear inti go bhfuil Treoir le fáil anois i gcnuaslaethanta Oide don Fhoghlaim Ghairmiúil. Soláthraítear fosta uasdátuithe ar thacaíocht agus ar acmhainní scoile chun cabhrú le pleanáil Treorach na scoile uile. Lena chois sin, tá spotsolas ann ar chéimeanna tríú leibhéal ón Oifig Náisiúnta Threasach, lena n-áirítear faisnéis bhreise agus sraith uirlisí shainiúil do threoirchomhairleoir

Padlets don Treoir 

Clár Treorach Sofhreagrach agus Éifeachtach a Phleanáil ar fud Chontanam na Foghlama: 

Bhí an Padlet seo mar chuid de chnuaslá iomlán na foghlama gairmiúla 24/25 ar Chlár Treorach freagrúil agus éifeachtach a phleanáil ar fud an chontanaim foghlama. Feidhmíonn an Padlet mar stór acmhainní agus nasc chuig láithreáin ghréasáin sheachtracha, le hábhair a chabhródh le pleanáil don chlár Treorach i gcomhthéacs do scoile.

Padlet Ionchuimsiú i dTreoir

Treoir don Scoil Uile: 

Bhí an Padlet seo in éineacht leis an bhfoghlaim ghairmiúil ar Threoir na scoile uile. Feidhmíonn an Padlet mar stór acmhainní agus nasc chuig láithreáin ghréasáin sheachtracha, le hábhair a chabhródh nuair a bhíonn Treoir don scoil uile á pleanáil, á forbairt nó á cur i bhfeidhm i gcomhthéacs do scoile.

Padlet Ionchuimsiú i dTreoir

Tacaíocht Scoile don Treoir: 

Feidhmíonn an Padlet seo mar stór tacaíochta acmhainní agus nasc le haghaidh tacaíocht inscoile. Chabhraíonn sé má bhíonn na hacmhainní seo ar láimh chun tacú le do riachtanais Treorach 

Padlet Ionchuimsiú i dTreoir

Ionchuimsiú sa Treoir

Cuireadh an Padlet seo ar fáil in éineacht leis an bhfoghlaim ghairmiúil ar Chuimsiú i dTreoir. Feidhmíonn an Padlet mar stór acmhainní agus nasc chuig láithreáin ghréasáin sheachtracha, le hábhair a chabhródh agus tacaíocht á tabhairt do gach scoláire.

Padlet Ionchuimsiú i dTreoir

Buairt i measc Scoláirí Iar-Bhunscoile, Aghaidh a thabhairt ar Fhreagra na dTreoirchomhairleoirí: 

Bhí an Padlet seo in éineacht leis an bhfoghlaim ghairmiúil ar bhuairt i measc scoláirí iar-bhunscoile, freagra na dtreoirchomhairleoirí. Feidhmíonn an Padlet mar stór acmhainní agus nasc chuig láithreáin ghréasáin sheachtracha, le hábhair a chabhródh agus tacaíocht á tabhairt do scoláirí i gcomhthéacs treoir shóisialta agus phearsanta. 

Padlet don Treoir sa tSraith Shóisearach

Treoir don tSraith Shóisearach

Thainig an Padlet seo in éineacht leis  an lá iomlán foghlaim ghairmiúil ar Dhearadh an Chláir Treorach sa tSraith Shóisearach. Cuimsíonn an Padlet íomhánna de na haonaid foghlama théamacha a chruthaigh na rannpháirtithe ag na himeachtaí. 

Padlet don Treoir sa tSraith Shóisearach

Back to Top