Cóitseáil do Cheannairí Scoile
Táthar ag dúil go mbeidh Cóitseáil Cheannaireachta Oide ar fáil níos moille i dTéarma a Trí den scoilbhliain 2025/2026 do cheannairí agus d’fhoirne scoile incháilithe. Beidh tuilleadh eolais ar fáil maidir le rochtain a dhéanamh ar an tacaíocht seo nuair a chuirfear tús leis an gcreat nua cóitseála.
