Tá Ceannaireacht Oide tiomanta do thacaíocht a thabhairt do dhearadh, éascú, meastóireacht agus tionchar na foghlama gairmiúla ar ardchaighdeáin do cheannairí scoile. Trí phróiseas Formhuinithe Ceannaireachta Oide, tá sé mar aidhm againn comhleanúnachas, comhsheasmhacht agus struchtúr a fheabhsú laistigh de thírdhreach na foghlama gairmiúla ceannaireachta in Éirinn atá ag fás go gasta. Tugann an próiseas seo deis do sholáthraithe foghlaim ghairmiúil cheannaireachta machnamh a dhéanamh ar a gclár agus páirt a ghlacadh i gcomhráite gairmiúla faoi threoir critéir shonracha. Tá bileog eolais ar fáil anseo.
Glao ar Sholáthraithe:
Tugaimid cuireadh do sholáthraithe Foghlaim Ghairmiúil Cheannaireachta do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile cláir a chur isteach lena bhformhuiniú. Tá an glao seo ar sholáthar oscailte do chláir cheannaireachta ag gach céim den Leanúntas Ceannaireachta lena n-áirítear ceannairí múinteoirí, meánacha, dréimeacha, nuacheaptha, ceannairí seanbhunaithe agus ceannairí córais. Osclófar an glao ar iarratais ar Dé Céadaoin 12 Márta 2025 agus dúnfar é ar Dé Céadaoin 9ú Aibreán 2025. Is féidir teacht ar Ceannaireacht Oide Foirm Iarratais ar Fhormhuiniú cliceáil anseo.