Cuardaigh

Polasaí Príobháideachais

1. Cé muid

Tagraíonn Ráiteas Príobháideachais Oide dár dtiomantas dár gcomhlíonadh na reachtaíochta cosanta sonraí, lena n-áirítear Achtanna na hÉireann um Chosaint Sonraí agus Rialachán Ginearálta an AE maidir le Cosaint Sonraí.

Tríd an gcáipéis seo tagraíonn “muid”, “sinn”, “ár” agus “ár gcuid” d’Oide.

2. Conas teagmháil a dhéanamh linn

Tá go leor bealaí ann ar féidir leat teagmháil a dhéanamh linn, lena n-áirítear ar an bhfón, trí ríomhphost agus tríd an bpost. Is féidir tuilleadh sonraí a fháil anseo https://www.oide.ie/contact

Teagmháil info@oide.ie

3. Cad é a tharlaíonn má dhéanaimid athruithe ar an bhfógra seo

Sa chás go ndéantar athruithe ar an Ráiteas Príobháideachais seo, foilseofar an leagan nuashonraithe ar an suíomh gréasáin againn agus, nuair is cuí/is féidir, cuirfear in iúl é go díreach do dhaoine aonair trí chainéal cumarsáide amhail ríomhphost agus/nó ar na meáin shóisialta againn.

Is é Tagairt PSW-V1.00 02.03.2023 an leagan reatha.

4. Cé faoi a mbailímid sonraí

Bailímid agus próiseálaimid do shonraí pearsanta le linn ár seirbhísí Oide. Cuimsíonn na sonraí pearsanta seo aon sonraí fisiciúla as líne nó sonraí ar líne a fhágann go bhfuil duine inaitheanta.

Próiseálaimid sonraí do na grúpaí daoine seo a leanas:

• Iarratais comhlach ar iasacht
• Cuairteoirí ar an suíomh gréasáin
• Leathnófar an liosta seo ionas go mbeidh sonraí múinteoirí san áireamh nuair a chláraítear iad le haghaidh imeachtaí FGL srl., de réir mar a fhorbraítear an suíomh gréasáin le haghaidh feidhmeanna breise.

Is muid an rialaitheoir na faisnéise pearsanta a phróiseálaimid, mura luaitear a mhalairt.

5. Cad iad na forais dhlíthiúla faoina bpróiseálaimid do chuid sonraí

Toiliú

Sa chás gur aontaigh tú go sainráite go ndéanfaimid do chuid faisnéise a phróiseáil ar chúis shonrach, mar shampla
• Iarratas ar phost

• Grianghraf le haghaidh fíoraithe

• Grianghraf nó físeáin lena bhfoilsiú ag imeachtaí

Comhlíonadh

Tá an phróiseáil riachtanach chun oibleagáid dhlíthiúil de chuid Oide a chomhlíonadh, mar shampla faisnéis a chur ar fáil don Roinn Oideachais i gcomhréir le Ciorclán 0029/2018 Ciorclán 0029/2018 Ciorclán 0029/2018 do Mhúinteoirí Cláraithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna Aitheanta.

Leas dlisteanach

Tá an phróiseáil riachtanach chun críocha leas dlisteanach atá á shaothrú againn chun sábháilteacht agus slándáil ár bhfostaithe, ár mball ar iasacht, ár maoin, ár bhfoirgnimh, ár bhfaisnéis atá lonnaithe nó stóráilte san áitreabh, agus ár sócmhainní agus chomhairleoirí ár bPainéil Agallaimh a chosaint. Chun calaois a chosc, chun bonn eolais a chur faoi chinntí earcaíochta a dhéantar faoi cheapacháin agus fruilithe nua.

Leas an Phobail

Próiseálaimid na sonraí de réir mar is gá chun údarás oifigiúil a fheidhmiú atá dílsithe in Oide ar mhaithe le leas an phobail chun cabhrú le foghlaim ghairmiúil ceannairí scoile agus múinteoirí in Éirinn trí fhoghlaim ghairmiúil ardchaighdeáin, nuálach agus fhreagrúil a fhorbairt a chuireann ar a gcumas freastal ar riachtanais oideachais gach foghlaimeora i saol atá ag athrú.

6. Cad é a tharlaíonn mura gcuireann tú na sonraí ar fáil dúinn más conradh nó comhlíonadh é an bunús dlíthiúil

Sa chás gur ceanglas reachtúil nó conarthach é an bunús dlíthiúil, má tá dualgas ar dhuine aonair na sonraí pearsanta a chur ar fáil, ach nach gcuirtear an fhaisnéis sin ar fáil b’fhéidir nach mbeimis in ann d’iarratas a bhreithniú dá bharr.

7. Cén fhaisnéis a bhailímid fút

Tugann tú dúinn go díreach an chuid is mó de na sonraí a bhailímid. Bailímid sonraí agus próiseálaimid sonraí nuair a dhéanann tú aon cheann acu seo a leanas: 

• Cláraíonn tú ar líne le haghaidh iarratas comhlaigh ar iasacht
• Úsáideann tú nó breathnaíonn tú ar ár suíomh gréasáin trí fhianáin do bhrabhsálaí

Iarratais Chomhlaigh ar Iasacht

Mar chuid dár seirbhísí, ní mór dúinn sonraí pearsanta a fháil agus a phróiseáil de réir mar is gá nuair atá sé sin riachtanach chun ár seirbhísí a sholáthar, mar shampla:

Ainm, seoladh, sonraí teagmhála, fón, ríomhphost, cineál ceadúnais tiomána, stair fostaíochta, taithí ghairmiúil, cáilíochtaí agus eolas, ainm na scoile agus uimhir rolla, dul chun cinn an agallaimh, litir ar thoradh an agallaimh, measúnú ó bhéal ar a n-inniúlacht i róil roimhe seo, seiceálacha teistiméireachta, seoltaí IP, taifid rochtana Zoom má bhíonn agallaimh fhíorúla i gceist.

Cuairteoirí ar an suíomh gréasáin

Faisnéis a sholáthraíonn tú dúinn, féach beartas fianán ag oide.ie freisin.

8. Cén uair a bhailímid sonraí pearsanta íogaire

Tugtar catagóirí speisialta sonraí ar shonraí íogaire sa dlí um Chosaint Sonraí. Sainmhínítear catagóirí speisialta sonraí le RGCS mar phróiseáil ar shonraí pearsanta a nochtann bunús ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creidimh reiligiúnacha nó fealsúnacha, nó ballraíocht i gceardchumann, agus próiseáil sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha chun críche duine nádúrtha a shainaithint go huathúil, sonraí a bhaineann le sláinte nó sonraí a bhaineann le saol gnéis nó claonadh gnéasach duine nádúrtha. Déanfaimid catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil sna cúinsí seo a leanas:

  1. I gcúinsí teoranta, le do thoiliú sainráite i scríbhinn.
  2. Nuair is gá dúinn ár n-oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh agus i gcomhréir lenár mbeartas cosanta sonraí.
  3. Nuair is gá ar mhaithe le leas an phobail, agus i gcomhréir lenár mbeartas cosanta sonraí. Ní chomh minic céanna, d’fhéadfaimis an cineál sin faisnéise a phróiseáil nuair a bhíonn sé ag teastáil i ndáil le héilimh dhlíthiúla nó sa chás go bhfuil sé riachtanach chun do leasanna (nó leasanna duine eile) a chosaint agus nach bhfuil tú in ann do thoiliú a thabhairt, nó sa chás go bhfuil an fhaisnéis curtha ar fáil agat cheana féin.

Ní chomh minic céanna, d’fhéadfaimis an cineál seo faisnéise a phróiseáil nuair a bhíonn sé ag teastáil i ndáil le héilimh dhlíthiúla nó sa chás go bhfuil sé riachtanach chun do leasanna (nó leasanna duine eile) a chosaint agus nach bhfuil tú in ann do thoiliú a thabhairt, nó sa chás go bhfuil an fhaisnéis curtha ar fáil agat cheana féin.

9. Cén uair a fhaighimid do chuid sonraí ó thríú páirtí

Sa chás go bhfuil sé riachtanach don tseirbhís a chuirtear ar fáil, d’fhéadfaimis do chuid sonraí a fháil go hindíreach ó na foinsí seo a leanas:

• Le haghaidh teistiméireachtaí ó do Phríomhoide Scoile an fostóir
• Le faomhadh don Roinn Oideachais
• Ón bpainéal agallaimhl

10. Do shonraí a chosaint

Bailímid na sonraí seo ar bhealach trédhearcach agus go díreach le heolas iomlán na bpáirtithe leasmhara. Nuair a bheidh an fhaisnéis seo ar fáil dúinn, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas.

Beidh ár gcuid sonraí:

• Cruinn agus cothrom le dáta
• Bailithe go cothrom agus chun críocha dleathacha amháin
• Próiseáilte againn ar bhonn conradh bailí, toilithe, comhlíonadh dlíthiúil nó leas dlisteanach
• Cosanta ar aon rochtain neamhúdaraithe nó próiseáil neamhdhleathach ag páirtithe inmheánacha nó seachtracha.

Ní dhéanfar ár gcuid sonraí:

• a chur in iúl d’aon pháirtithe inmheánacha nó seachtracha neamhúdaraithe
• a stóráil ar feadh níos faide ná mar is gá chun na críche a fhaightear iad
• a aistriú chuig eagraíochtaí, stáit nó tíortha lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch gan cosaintí leordhóthanacha a chur i bhfeidhm mar a cheanglaítear faoin Dlí um Chosaint Sonraí.

Ár dtiomantas do do shonraí a chosaint:

• Rochtain ar shonraí íogaire a shrianadh agus monatóireacht a dhéanamh air
• Nósanna imeachta trédhearcacha bailithe sonraí a fhorbairt
• Fostaithe a oiliúint i mbeart cosanta agus slándála sonraí
• Líonraí slána a thógáil chun sonraí ar líne a chosaint ó chibearionsaithe
• Nósanna imeachta soiléire a bhunú chun sáruithe príobháideachais nó mí-úsáid sonraí a thuairisciú
• Cleachtais chosanta sonraí a bhunú (stialladh doiciméad, glais shlána, criptiú sonraí, cúltacaí rialta,  údarú rochtana, srl.).

Aontaíonn tú go mbeidh aon sonraí a sholáthraíonn tú dúinn fíor, iomlán agus cruinn ar gach slí agus aontaíonn tú sinn a chur ar an eolas láithreach faoi aon athruithe orthu. Ní bhailímid ach faisnéis phearsanta uait nó fút atá riachtanach chun na gcríoch seo a leanas:

11. Cad é an cuspóir/na cuspóirí atá le próiseáil do chuid sonraí
Ginearálta

• Chun an suíomh gréasáin seo a chur ar fáil duit agus chun do cheisteanna a fhreagairt
• Chun cloí leis an dlí ábhartha go léir
• Chun do shábháilteacht agus do shlándáil a bhainistiú agus tú ar an áitreabh againn
• Chun coireacht a chosc, a bhrath agus a imscrúdú agus chun ciontóirí a ghabháil nó a ionchúiseamh a éascú
• Chun éilimh dhlíthiúla nó éilimh eile den chineál céanna a imscrúdú, a fheidhmiú nó a chosaint

Iarrthóirí do Phoist
• Chun fostaithe ar iasacht atá oiriúnach a roghnú do phoist a bhíonn againn

12. Cad é is gá duit a dhéanamh nuair a sholáthraíonn tú sonraí faisnéise daoine eile dúinn

Má tá faisnéis phearsanta á cur ar fáil agat thar ceann tríú páirtí, ní mór duit a chinntiú go bhfaigheann an tríú páirtí cóip den Fhógra Príobháideachais seo sula roinntear a gcuid faisnéis phearsanta linn (m.sh., neasghaolta).

Ní gá duit an Ráiteas Príobháideachais seo a chur ar fáil sna cásanna seo a leanas:

• tá an fhaisnéis ag an duine aonair cheana féin
• tá fáil nó nochtadh na faisnéise sin leagtha síos go sainráite sa dlí a gcaithfimid cloí leis agus a sholáthraíonn bearta cuí chun leasanna dlisteanacha an duine aonair a chosaint
• i gcás ina gcaithfidh na sonraí pearsanta fanacht faoi rún faoi réir oibleagáid rúndacht ghairmiúil arna rialú ag an dlí.

13. Cé leis a roinnimid do chuid faisnéise

Féadfaidh eagraíochtaí eile d’fhaisnéis phearsanta a phróiseáil thar ár gceann freisin chun na gcríoch atá leagtha amach thuas. D’fhéadfaimis do chuid faisnéise a nochtadh dóibh seo a leanas nuair is gá:

• An Roinn Oideachais, Fostóir m.sh. scoil a fhostaíonn tú, ionaid oideachais ábhartha, Painéal Agallaimh, An Coimisiún um Chosaint Sonraí, an Garda, soláthraithe TF, soláthraithe seirbhíse seachfhoinsithe

14. Cá fhad a choinneoidh muid do chuid faisnéise

Ní choinneoidh muid sonraí pearsanta ach chomh fada agus is gá chun na gcríoch ar bailíodh iad de réir mar a cheanglaítear leis an dlí nó leis an treoir rialála a bhfuilimid faoina réir nó chun aon chaingne dlíthiúla a chosaint.

15. Conas do chearta faisnéise a fheidhmiú (lena n-áirítear an ceart chun agóid a dhéanamh)

Scriosadh

Cén uair a bheidh sé de cheart agam go scriosfadh Oide mo shonraí pearsanta go léir?
Tá sé de cheart agat go ndéanfaí do shonraí pearsanta a scriosadh gan mhoill mhíchuí má bhíonn aon chás acu seo amhlaidh:
• Níl na sonraí pearsanta riachtanach a thuilleadh i ndáil leis an gcuspóir/na cuspóirí ar bailíodh/próiseáladh iad
• Tá toiliú á tharraingt siar agat agus nach bhfuil aon bhunús dlíthiúil eile ann don phróiseáil
• Cuireann tú i gcoinne na próiseála agus nach bhfuil aon fhorais dhlisteanacha sáraitheacha ann leis an bpróiseáil
• Rinneadh na sonraí pearsanta a phróiseáil go neamhdhleathach
• Ní mór na sonraí pearsanta a scriosadh ionas go bhfuilimid ag comhlíonadh oibleagáid dhlíthiúil
• Bailíodh na sonraí pearsanta i ndáil le seirbhísí na sochaí faisnéise a thairiscint do leanbh.

Cad é a tharlaíonn má tá mo shonraí pearsanta curtha ar fáil ag Oide don phobal?
Má tá do shonraí pearsanta curtha ar fáil againn go poiblí, déanfaimid céimeanna réasúnta, lena n-áirítear bearta teicniúla, chun iad siúd atá ag próiseáil do shonraí pearsanta a chur ar an eolas gur iarr tú iad a scriosadh.

Cad é a tharlaíonn más amhlaidh gur nocht Oide mo shonraí pearsanta do thríú páirtithe?
Sa chás go bhfuil do shonraí pearsanta i gceist nochta againn do thríú páirtithe, cuirfimid in iúl dóibh maidir le d’iarratas go scriosfaí iad nuair is féidir. Deimhneoimid duit freisin sonraí tríú páirtithe ábhartha ar nochtadh na sonraí dóibh nuair is cuí.

Iniomparthacht sonraí

Cén uair is féidir liom mo shonraí pearsanta a fháil i bhformáid atá inléite ag meaisín ó Oide?
Gheobhaidh tú do shonraí pearsanta a bhaineann leat i bhformáid struchtúrtha, a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín a chuir tú ar fáil dúinn lena n-úsáid, más rud é:

• go bhfuil an phróiseáil bunaithe ar thoiliú nó ar chonradh agus
• go ndéantar an phróiseáil ar mhodhanna uathoibrithe.

An aistreodh Oide na sonraí pearsanta chuig soláthraí seirbhíse eile dá n-iarrfainn é sin?
Is féidir linn na sonraí seo a aistriú chuig cuideachta eile a roghnaithe agat ar do threoir scríofa sa chás go bhfuil sé indéanta go teicniúil agus an teicneolaíocht atá ar fáil agus an costas féideartha a bhaineann le haistriú a chur san áireamh a bheith comhréireach leis an tseirbhís a chuirimid ar fáil duit.

Cad iad na cúinsí faoinár féidir le Oide diúltú? Ní bheidh tú in ann do shonraí pearsanta a fháil, nó ní bheidh tú in ann do shonraí pearsanta a aistriú i bhformáid atá inléite ag meaisín, má táimid ag próiseáil na sonraí seo ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údarás oifigiúil atá dílsithe dúinn.

An gcuirfidh Oide mo shonraí pearsanta ar fáil dom má tá sonraí pearsanta daoine eile sa chomhad?
Ní chuirfimid ach do chuidse sonraí pearsanta ar fáil duit, ag cinntiú go gcosnaímid cearta agus saoirsí daoine eile. Sa chás go bhféadfadh sonraí pearsanta duine eile a bheith ar na comhaid chéanna le do chuid féin, déanfaimid sonraí iomlána an duine eile a cheilt. Déan teagmháil linn ag info@oide.ie

Cinnteoireacht aonair uathoibrithe

Cad iad na cearta atá agam maidir le cinnteoireacht uathoibrithe?
Níl aon phróisis chinnteoireacht uathoibrithe ag Oide. Sa chás go dtabharfar isteach aon phróisis den sórt sin, cuirfimid an fhaisnéis ábhartha a cheanglaítear faoin “Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí” ar fáil duit.

Cur i gcoinne

Ar cuireadh ar an eolas mé cheana féin faoi mo cheart chun cur i gcoinne?
Chuir muid ar an eolas thú faoi do cheart cur i gcoinne sular bhailigh muid aon cheann de do shonraí pearsanta mar atá luaite inár ráiteas príobháideachais.

Cén uair  is féidir liom cur i gcoinne Oide mo shonraí pearsanta a phróiseáil?
Féadtar cur i gcoinne ar chúiseanna a bhaineann le do chás.

Stopfaidh Oide do shonraí pearsanta a phróiseáil ach amháin sna cásanna seo:

• is féidir linn forais dlisteanacha láidre a léiriú leis an bpróiseáil, a sháraíonn do leasanna, do chearta agus do shaoirsí
• is chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint é an phróiseáil.

Cad iad na cearta atá agam agóid a dhéanamh chun críocha margaíocht dhíreach?
Sa chás go ndéantar do shonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha margaíocht dhíreach, tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh tráth ar bith i gcoinne próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leat le haghaidh margaíochta den sórt sin, lena n-áirítear próifíliú a mhéid a bhaineann sé le margaíocht dhíreach den sórt sin.

Sa chás go gcuireann tú i gcoinne próiseála chun críocha margaíocht dhíreach, ní dhéanfaimid na sonraí sin a phróiseáil a thuilleadh chun críocha den sórt sin.

Cad iad na cearta atá agam cur i gcoinne maidir le seirbhísí na sochaí faisnéise a úsáid?
I gcomhthéacs úsáid seirbhísí na sochaí faisnéise, is féidir leat do cheart cur i gcoinne a fheidhmiú trí mhodhanna uathoibrithe ag úsáid sonraíochtaí teicniúla. Déan teagmháil linn ag info@oide.ie

Srian a chur ar phróiseáil

Cén uair  is féidir liom srian a chur ar phróiseáil?
Is féidir srian a chur ar phróiseáil do shonraí pearsanta:

• Le linn dúinn a bheith ag fíorú chruinneas do shonraí pearsanta a bhfuil tú ag cur ina aghaidh
• Má roghnaíonn tú próiseáil shrianta seachas léirscriosadh sa chás go bhfuil an phróiseáil neamhdhleathach
• Mura dteastaíonn na sonraí pearsanta uainn a thuilleadh chun a gcuspóir bunaidh ach má cheanglaítear orainn na sonraí pearsanta a choinneáil chun éilimh dhlíthiúla a chosaint
• Sa chás go ndearna tú agóid i gcoinne na próiseála (sa chás go raibh sé riachtanach chun tasc leasa an phobail a dhéanamh nó chun críche leasanna dlisteanacha), agus táimid ag breithniú cé acu atá ár bhforais dhlisteanacha á shárú sin nó nach bhfuil.

Cén chaoi a mbeidh a fhios agam an gcuireann Oide agus/nó tríú páirtithe ábhartha deireadh leis an srian?
Cuirfimid thú ar an eolas ar bhonn aonair nuair a chuirfear deireadh le srian ar phróiseáil. Déan teagmháil linn ag info@oide.ie

Ceartú

Cad é is féidir liom a dhéanamh má tá sonraí pearsanta míchearta fúm á gcoinneáil ag Oide?
Sa chás go bhfuil amhras ort go bhfuil na sonraí atá á gcoimeád againn fút míchruinn, déanfaimid aon mhíchruinneas a cheartú gan mhoill mhíchuí agus cuirfimid dearbhú ar fáil dá leithéid sin.

Cad é a tharlaíonn má chuir Oide mo shonraí pearsanta ar fáil do thríú páirtithe?
Sa chás go bhfuil do shonraí pearsanta i gceist nochta againn do thríú páirtithe, cuirfimid ar an eolas iad faoin srian ar an bpróiseáil, mura rud é go bhfuil sé dodhéanta nó mura bhfuil iarracht dhíréireach i gceist é sin a dhéanamh.

Cad é a tharlaíonn má nocht Oide mo shonraí phearsanta do thríú páirtithe?
Sa chás go bhfuil sonraí pearsanta míchruinne nochta againn do thríú páirtithe, cuirfimid iad ar an eolas agus iarrfaimid dearbhú go ndearnadh ceartú. Cuirfimid sonraí ar fáil duit freisin faoi na tríú páirtithe ar nochtadh do shonraí pearsanta dóibh. Déan teagmháil linn ag info@oide.ie

Toiliú a tharraingt siar

Cad iad na cúinsí ar féidir liom toiliú a tharraingt siar?
Is féidir leat toiliú a tharraingt siar má táimid ag próiseáil do shonraí pearsanta bunaithe ar do thoiliú.

Cén uair is féidir liom toiliú a tharraingt siar?
Is féidir leat toiliú a tharraingt siar ag am ar bith.

Má tharraingím siar toiliú, cad é a tharlaíonn do mo shonraí reatha?
Tiocfaidh deireadh le haon phróiseáil atá bunaithe ar do thoiliú nuair a tharraingítear siar an toiliú sin. Ní dhéanfaidh do tharraingt siar difear d’aon phróiseáil ar shonraí pearsanta sula dtarraingeoidh tú siar toiliú, ná d’aon phróiseáil nach bhfuil bunaithe ar do thoiliú. Déan teagmháil linn ag info@oide.ie

Gearán a chur isteach

An féidir liom gearán a chur isteach leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí?
Is féidir gearán a chur isteach leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí maidir le haon phróiseáil a dhéanann Oide nó thar ceann Oide ar shonraí pearsanta a bhaineann leat.

Conas is féidir liom gearán a chur isteach?
Tá sé simplí agus saor in aisce gearán a dhéanamh. Níl le déanamh agat ach scríobh chuig an gCoimisiún um Chosaint Sonraí ag tabhairt sonraí faoin ábhar. Ba chóir duit an eagraíocht nó an duine aonair a bhfuil tú ag gearán fúthu a shainaithint go soiléir. Ba chóir duit breac-chuntas a thabhairt freisin ar na céimeanna atá glactha agat chun go ndéileálfaidh an eagraíocht le do chuid imní, agus cén cineál freagra a fuair tú uathu. Tabhair cóipeanna d’aon litreacha idir tú féin agus an eagraíocht le do thoil, chomh maith le fianaise/ábhar tacaíochta.

Cad é a tharlóidh tar éis dom an gearán a dhéanamh?
Ansin rachaidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí i ngleic leis an gceist le Oide thar do cheann

Rochtain a fháil ar do shonraí

Cén uair a bheidh sé de cheart agam rochtain a fháil ar mo shonraí pearsanta ó [ainmnigh an eagraíocht]?
Sa chás go ndéanann Oide aon sonraí pearsanta a bhaineann leatsa a phróiseáil, tá sé de cheart agat deimhniú a fháil uainn, agus rochtain a bheith agat ar do chuid sonraí.

Cén t-eolas a chuirfidh Oide ar fáil dom?
Má táimid ag próiseáil do chuid sonraí pearsanta, tá tú i dteideal rochtain a fháil ar chóip de na sonraí pearsanta sin go léir a phróiseálaimid faoi réir próiseas fíoraithe lena chinntiú go bhfuilimid ag plé leis an duine ceart. Cuirfimid cuid ar bith den fhaisnéis seo a leanas ar fáil:

• cén fáth a bhfuilimid ag próiseáil do shonraí pearsanta
• na cineálacha sonraí pearsanta lena mbaineann sé
• na tríú páirtithe nó catagóirí tríú páirtithe ar nochtadh nó a nochtfar na sonraí pearsanta dóibh. Cuirfimid ar an eolas thú má tá aon cheann de na tríú páirtithe lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó d’eagraíochtaí idirnáisiúnta
• conas a chaomhnaítear do chuid sonraí pearsanta sa chás go gcuirimid do shonraí pearsanta ar fáil lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó d’eagraíocht idirnáisiúnta
• an fad ama a choinneoidh muid do shonraí nó, mura féidir, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a chinneadh
• do chearta chun:

  • aon athruithe ar shonraí pearsanta míchruinne atá á gcoimeád againn a iarraidh
  • do shonraí pearsanta a scriosadh ar ár gcórais go léir
  • srian a chur le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leat
  • nó agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála sin
  • iniomparthacht sonraí

• do cheart gearán a chur isteach leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí info@dataprotection.ie
• sa chás go bhfuil do shonraí pearsanta bailithe againn ó thríú páirtí,  cuirfimid an fhaisnéis ar fáil duit maidir leis an bhfoinse óna bhfuair muid do shonraí pearsanta
• aon chinnteoireacht uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú ina measc do shonraí pearsanta. Cuirfimid faisnéis fhiúntach ar fáil duit faoin loighic atá i gceist, chomh maith leis an tábhacht agus na hiarmhairtí a mheastar a bhaineann leis an bpróiseáil sin duit.

Cén t-eolas nach gcuirtear ar fáil?
• Faisnéis Ghnó a bhaineann le do ról mar fhostaí
• Mura gcuirimid do shonraí pearsanta ar fáil duit, tá sé de dhualgas orainn cúiseanna a thabhairt cén fáth a mbíonn na sonraí pearsanta seo á gcoinneáil siar.

Cé chomh fada is a thógfaidh sé mo shonraí pearsanta a fháil ó Oide?
Cuirfimid cóip de na sonraí pearsanta atá á bpróiseáil againn faoi láthair ar fáil duit laistigh de mhí amháin ón iarraidh. I gcásanna neamhchoitianta mura bhfuil muid in ann na sonraí a sholáthar duit laistigh de mhí amháin, cuirfimid in iúl duit, laistigh de mhí amháin ó d’iarratas bailí, agus míneoimid an chúis atá leis an moill agus geallfaimid go seachadfar é laistigh de dhá mhí eile.

Cé mhéad a chosnóidh sé orm mo shonraí pearsanta a fháil?
Ní ghearrfaidh muid táille as do shonraí pearsanta a sholáthar ach amháin má chreidimid go bhfuil an t-iarratas iomarcach agus go bhfuil an costas a bhaineann le do shonraí a sholáthar díréireach le do sheirbhísí a chuirtear ar fáil.

An féidir liom cóipeanna breise de mo shonraí pearsanta a iarraidh?
Má theastaíonn cóipeanna breise uait, gearrfaimid €20 chun ár gcostais riaracháin a chlúdach.

An féidir liom mo shonraí pearsanta a fháil go leictreonach?
Is féidir do shonraí pearsanta a iarraidh trí mheán leictreonach agus cuirfimid do shonraí pearsanta ar fáil i bhfoirm leictreonach a úsáidtear go coitianta má tá sin indéanta go teicniúil.

Cad é a dhéanfaidh Oide má roinntear sonraí pearsanta duine eile le mo shonraí pearsanta?
Ní chuirfimid ach do shonraí pearsanta ar fáil duit, ag cinntiú go gcosnaímid cearta agus saoirsí daoine eile. Sa chás go bhféadfadh sonraí pearsanta duine eile a bheith ar na comhaid chéanna le do chuid féin, déanfaimid sonraí iomlána an duine eile a cheilt. Déan teagmháil linn ag info@oide.ie.

Back to Top