Cuardaigh

Acmhainní

Fáilte chuig ár mbailiúchán cuimsitheach acmhainní a dearadh chun do thuras teagasc matamaitice a shaibhriú. Is féidir teacht orthu seo go léir go díreach ó Mhol Oide do Churaclam Matamaitice na Bunscoile, pmc.oide.ie/ga/

MionMata

Forléargas ar acmhainní Micrea-Mhata

Tá an leathanach Micro Maths deartha do mhúinteoirí díograiseacha agus iad ag lorg acmhainní dinimiciúla. Déan iniúchadh ar bhailiúchán saibhir de ghníomhaíochtaí tarraingteacha Micrea-Mhata a chuirtear i láthair i mbileoga eolais le naisc úsáideacha agus gailearaithe íomhánna a sholáthraíonn ábhair atá réidh le húsáid i do sheomra ranga.

Físeáin CMB i gCleachtas

Forléargas ar Fhíseáin Ghníomhaíochta Churaclam Matamaitice na Bunscoile

Ár leathanach CMB i gCleachtas, inar féidir leat breathnú ar na heispéiris foghlama iontacha a bhíonn ag daltaí ó chomhthéacsanna éagsúla i scoileanna ar fud na hÉireann. Tum tú féin i mbailiúchán tarraingteach físeán a léiríonn samplaí fíorshaoil de dhaltaí i mbun foghlama. Bí linn agus muid ag ceiliúradh na timpeallachtaí iontacha seo atá le feiceáil i seomraí ranga, na múinteoirí nuálacha agus na daltaí fíor-dhíograiseacha agus iad páirteach sa CMB.

Naisc Úsáideacha

Forléargas ar Naisc Úsáideacha Churaclam Matamaitice na Bunscoile

Rochtain ar rogha choimeádaithe de naisc úsáideacha, do do nascadh le láithreáin ghréasáin luachmhara, uirlisí ar líne, agus níos mó

Eiseamláirí – Spreag Sármhaitheas!

Forléargas ar Eiseamláirí Churaclam Matamaitice na Bunscoile

Ár leathanach Eiseamláirí, taisce ina bhfuil eispéiris foghlama fhéideartha a roghnaíodh go cúramach chun múinteoirí a spreagadh agus chun aird na ndaltaí a tharraingt. Roghnaíodh an bailiúchán seo le saineolas, agus léirítear ann na féidearthachtaí móra millteacha atá ann maidir le heispéiris foghlama den chéad scoth a fháil i ngach ceann de na ceithre chéim. Cuireann na heiseamláirí seo moltaí luachmhara ar fáil freisin maidir leis an gcaoi chun na cúig chleachtas oideolaíochta ó Chaibidil 6 a fhí isteach sna heispéiris foghlama agus teagaisc.

Back to Top