Is féidir teacht ar ábhar foghlama gairmiúla agus ar na tacaí ábhartha a cuireadh ar fáil sna ceardlanna EFG a soláthraíodh sa rannóg seo.
Tá an cheardlann seo thíos bunaithe ar an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge a chur chun cinn mar theanga chaidrimh i scoileanna Gaeltachta agus suíomhanna lán-Ghaeilge. Roinntear smaointe agus áiseanna a chabhróidh libh an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga chaidrimh.
Tá sé mar aidhm ag an seimineár gréasáin seo tacaíocht a thabhairt do cheannairí scoile agus múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge cruinneas a fhorbairt i measc foghlaimeoirí. Díríonn an EFG ar líne seo ar bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna araon.
Tá rogha treorach agus tacaíochtaí sa rannán seo a d’fhéadfadh a bheith cabhrach do mhúinteoirí agus iad ag machnamh ar ullmhúchán don teagasc agus don fhoghlaim.
