Acmhainní (Ag teacht go luath)

Sa rannán seo gheobhaidh tú acmhainní a bhaineann leis an tumoideachas ag leibhéal na bunscoile.

Cora Poist Oide 2024-2025
Seo cartlann de na cora poist a seoladh ag múinteoirí Bunscoile le linn na scoilbhliana reatha. Cuirtear cor poist rialta ar fáil chun nuacht, áiseanna, nathanna cainte agus fógraíocht ar imeachtaí a roinnt leis an bpobal. Cláraigh do na cora poist agus na liostaí seachadta Oide anseo.
Ábhar Tacaíochta an CNCM maidir le Tumoideachas
Tá bailiúchán d’ábhar tacaíochta ar fáil ar shuíomh an CNCM ag an nasc seo. Áirítear sna hÁbhair Thacaíochta seo réimse straitéisí teagaisc agus modheolaíochtaí, atá fréamhaithe i dtaighde, chun tacú le foghlaim agus le forbairt teanga páistí in T1 (Gaeilge) agus in T2 (Béarla) na scoile. Díríonn cuid den Ábhar Tacaíochta seo ar choincheapa agus scileanna teanga a bhaineann go sonrach le teanga amháin (Gaeilge nó Béarla) agus díríonn cuid eile acu ar choincheapa agus ar scileanna atá mar bhonn agus mar thaca ag gach teanga. Tá neart ábhar tacaíochta ag díriú ar shuíomh an tumoideachais go sonrach mar a fheictear sna samplaí thíos.
Taighde a bhaineann le Tumoideachas
Taighde COGG
Cliceáil anseo chun Taighde COGG a fheiceáil.

Back to Top