Tá seimineáir sa chuid seo chun tacú le cur i bhfeidhm Churaclam Teanga na Bunscoile/Primary Language Curriculum.
Overview of PLC/CTB Sraith Webinar
Cruthaíodh an tsraith greasáin seo chun tacú le scoileanna an PLC/CTB a chur i bhfeidhm. Tá acmhainní breise agus ábhar tacaíochta, gníomhaíochtaí agus roinnt físeáin dea-chleachtais ag gach seimineár gréasáin. Tá an éagsúlacht ann chun tacú le múinteoirí an curaclam a chur i bhfeidhm.
Sa seimineár gréasáin seo, tabharfar léargas do mhúinteoirí bunscoile ar mhúineadh stór focal mar chuid de na trí shnáithe i gCuraclam Teanga na Bunscoile. Díreofar ar thuiscint focal a chur chun cinn, múineadh focail aonair, straitéisí foghlama focal agus conas eispéireas teanga foghlamtha éagsúil agus saibhir a thabhairt go meallteach agus go héasca.
Tá súil againn go mbainfidh sibh taitneamh as an seimineár gréasáin seo, ‘Foghlaimeoirí, Éisteoirí agus Teanga. Gníomhaireacht an Fhoghlaimeora agus an CTB’.
Táimid ar bís sraith nua seimineár gréasáin “Ó Chluichí go Caint” a chur ar fáil do mhúinteoirí bunscoile do na meán agus ardranganna I scoileanna lán Bhéarla. Tá an tsraith seo dírithe ar straitéisí praiticiúla agus gníomhaíochtaí spraíúla a chur ar fáil chun foghlaim teanga a dhéanamh níos suimiúla agus taitneamhacha do dhaltaí. Beidh na seisiúin dírithe ar chumarsáid trí Ghaeilge a fheabhsú trí ghníomhaíochtaí idirghníomhacha, measúnú agus úsáid na teicneolaíochta sa seomra ranga.