An Próiseas Droichead á Thabhairt chun Críche

“Nuair atá MNC beagnach ag deireadh phróiseas Droichead, de réir mar a comhaontaíodh an tréimhse ama tháscach ag tús an phróisis, bíonn comhrá ar siúl idir an MNC agus an FTG. Is é a bheidh i gceist leis an gcomhrá seo freisin réimsí á n-aithint ag an MNC maidir le foghlaim ghairmiúil bhreise” (An Chomhairle Mhúinteoireachta, 2017, lch.6).

“I ndiaidh phróiseas Droichead, tugann an MNC dearbhú go bhfuil sé nó sí réidh le bogadh ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile ar an leanúntas oideachas múinteoirí…. Beidh an múinteoir cláraithe go hiomlán ag an gComhairle nuair a mheasann an Chomhairle Mhúinteoireachta gur comhlíonadh na coinníollacha clárúcháin uile (e.g., Riachtanas na Gaeilge, coinníollacha easnaimh cáilíochtaí)” (An Chomhairle Mhúinteoireachta, 2017, lch.3).

Back to Top