Cuardaigh

Ceannairí Scoile

‘Mar cheannaire foghlama sa scoil, cothaíonn an príomhoide cultúr foghlama inar féidir le Droichead bláthú agus tacaíonn siad leis an FTG chun próiseas ionduchtúcháin ar ardchaighdeán a éascú.’
(An Chomhairle Mhúinteoireachta, 2025, lch.15).

Neartaítear Droichead trí cheannaireacht chomhoibríoch laistigh den scoil nuair a bhíonn an príomhoide ag obair i gcuideachta leis an FTG agus le baill foirne eile chun tacú le hionduchtúchán fiúntach. Tá sé beartaithe go dtacóidh na hacmhainní thíos le príomhoidí chun cultúr comhfhoghlama a chothú agus chun cur le heispéireas leanúnach ardchaighdeáin do MNCanna.

Beartas Ionduchtaithe
Pacáiste Fáilte do MNCanna
Seisiún Eolais na Scoile Uile
Tacaíocht Scoile

Tabhair faoi deara go bhfuil ár nósanna imeachta maidir le tacaíocht scoile uasdáthaithe againn.

Má tá ceisteanna agat maidir leis an bpróiseas Droichead i do scoil, seol ríomhphost chuig primarydroicheadsupport@oide.ie mar do chéad pointe teagmhála. Cuir san áireamh ainm na scoile, uimhir rolla na scoile, d’uimhir teagmhála agus cuntas gairid maidir le do cheist. Beidh ball den fhoireann i dteagmháil leat laistigh de 2-3 lá oibre.

Má bhaineann do cheist le Cnuaschruinnithe, déan teagmháil le NQTInduction@oide.ie

Má bhaineann do cheist le socruithe inchláraithe agus/nó socruithe chlárúcháin, déan teagmháil le conditions@teachingcouncil.ie

Back to Top