Ceardlanna Ionduchtaithe

Tá Ceardlanna Ionduchtaithe, a éascaíodh roimhe seo i gcomhar le líonra ESCI, ar fáil anois ar líne amháin trí ár ardán foghlama.

Is féidir le MNC bunscoile agus iar-bhunscoile na ceardlanna seo a oscailt agus a bheith páirteach iontu ag am a oireann dóibh féin.

Tá Ceardlanna Ionduchtaithe ar oscailt do gach MNC chun tacú lena n-oiliúint ghairmiúil. Cé nach cuid riachtanach de phróiseas Droichead iad, úsáideann mórchuid MNCanna iad mar ghníomhaíocht bhreise foghlama gairmiúla. 

Is é onlinelearning.teacherinduction.ie an t-ardán do na ceardlanna ionduchtaithe seo. 

Foghlaim ar Líne
Back to Top