Mar cheannaire foghlama sa scoil, cothaíonn an príomhoide cultúr foghlama inar féidir le Droichead bláthú agus tacaíonn siad leis an FTG chun próiseas ionduchtúcháin ar ardchaighdeán a éascú.’
(An Chomhairle Mhúinteoireachta, 2025, lch.15).
Neartaítear Droichead trí cheannaireacht chomhoibríoch laistigh den scoil nuair a bhíonn an príomhoide ag obair i gcuideachta leis an FTG agus le baill foirne eile chun tacú le hionduchtúchán fiúntach. Tá sé beartaithe go dtacóidh na hacmhainní thíos le príomhoidí chun cultúr comhfhoghlama a chothú agus chun cur le heispéireas leanúnach ardchaighdeáin do MNCanna.
Má tá ceisteanna agat maidir leis an bpróiseas Droichead i do scoil, seol ríomhphost chuig postprimarydroicheadsupport@oide.ie mar do chéad pointe teagmhála. Cuir san áireamh ainm na scoile, uimhir rolla na scoile, d’uimhir teagmhála agus cuntas gairid maidir le do cheist. Beidh ball den fhoireann i dteagmháil leat laistigh de 2-3 lá oibre.
Má bhaineann do cheist le Cnuaschruinnithe, déan teagmháil le NQTInduction@oide.ie.
Má bhaineann do cheist le socruithe inchláraithe agus/nó socruithe chlárúcháin, déan teagmháil le conditions@teachingcouncil.ie.
