Cuardaigh

Faoi Oide

Cé muid

Cuireann Oide tacaíochtaí agus seirbhísí foghlaim ghairmiúil ar ardchaighdeán ar fáil do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile.

Chomh maith leis na hacmhainní luachmhara, an saineolas agus na córais oibriúcháin éifeachtúla go léir a thabhairt le chéile, úsáideann Oide fosta cuir chuige nuálacha agus chruthaitheacha eile i leith tacaíocht scoile a sholáthar, agus foghlaim ghairmiúil do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile, chun freastal ar riachtanais na todhchaí i mbunscoileanna, iar-bhunscoileanna, scoileanna speisialta, agus ionaid oideachais eile na hÉireann.

Ár bhFís

Tacú le claochlú an oideachais in Éirinn trí mhúinteoirí agus ceannairí scoile a chumhachtú chun eispéiris foghlama dhinimiciúla agus mhórthionchair a chruthú do gach dalta, agus comhleanúnachas a chinntiú ag an am céanna ar fud leanúntas an tsoláthair foghlama do mhúinteoirí.

An t-ainm Oide

Roghnaíodh an t-ainm Oide don tseirbhís chomhtháite nua a thacóidh le riachtanais gairmiúla ceannairí agus múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile in Éirinn ó Mheán Fómhair 2023 ar aghaidh.

Léiríonn roghnú an fhocail as Gaeilge don tseirbhís chomhtháite an tábhacht ollmhór a bhaineann le teanga na Gaeilge dár scoláirí agus dár scoileanna inár gcóras oideachais. Focal Gaeilge é Oide a chiallaíonn ‘teacher’, atá ar aon dul leis an téarma Gaeilge ‘múinteoir´, ach le brí níos ársa. Tá brí níos leithne ag an bhfocal sa Ghaeilge a chuireann ‘teagascóir’, ‘treoraí ‘agus ‘ollamh’ san áireamh. Tugann an bhrí chuimsitheach seo le fios an réimse leathan eolais agus an caighdeán ard a bhíodh ag an Oide mar dhuine, aitheanta dá threoir, dá chomhairle fhoghlama agus dá scileanna teagaisc.

Ár Misean

Group 8639 2

Eispéiris foghlama gairmiúla agus ábhair/acmhainní ardchaighdeáin, bunaithe ar fhianaise, nuálacha, machnamhacha agus freagrúla a chur ar fáil do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile in Éirinn a chuireann ar a gcumas freastal ar riachtanais oideachais gach foghlaimeora.

graduation hat

Rachaidh Oide i dteagmháil go dearfach agus go réamhghníomhach leis na páirtithe leasmhara ábhartha go léir chun riachtanais a mheas agus tosaíochtaí a bhunú a thacóidh leis na torthaí is fearr is féidir do scoileanna, ceannairí scoile, múinteoirí agus foghlaimeoirí.

blackboard

Beidh Oide ag obair go dian chun é féin a bhunú mar eagraíocht a éisteann, a fhreagraíonn agus a sheasfaidh an aimsir agus atá in ann cainéal cumarsáide níos cuíchóirithe a thabhairt isteach idir é féin agus na scoileanna go léir, ag cinntiú go ndéantar freastal éifeachtach ar riachtanais éagsúla agus aonair na scoileanna.

shutterstock 735971821

Ár Luachanna agus ár bPrionsabail

infographic 2
Back to Top