Cuardaigh

Ábhar Foghlama Gairmiúla

Sa rannán seo tá ábhair na foghlama gairmiúla agus na hacmhainní tacaíochta a úsáideadh le linn Imeachtaí Foghlaim Ghairmiúil Léann Clasaiceach na Sraithe Sinsearaí.

2024/2025 – Iniúchadh ar an saol laethúil i sochaithe ársa na Gréige agus na Róimhe:

Forléargas ar EFG: Rannpháirtíocht na scoláirí le Pearsana ón Seanam a Fheabhsú, Critéir Ratha agus Ábhar Digiteach a Fhorbairt i Léann Clasaiceach na Sraithe Sóisearaí

Is é fócas an EFG seo iniúchadh a dhéanamh ar shaol laethúil daoine ó shochaithe ársa na Gréige agus na Róimhe agus smaointeoireacht chriticiúil agus gníomhú foghlaimeoirí a chothú trí fhoghlaim ar bhonn fiosraithe agus trí thaighde éifeachtach. Breithnítear i Seisiún 1 conas gníomhú foghlaimeoirí a fheabhsú i seomra an Léinn Chlasaicigh, breathnaítear tuilleadh i Seisiún 2 ar ghníomhú foghlaimeoirí a fhorbairt trí shraith gníomhaíochtaí foghlama ar bhonn fiosraithe ar ábhair foinse ársa ó Phoimpé, anailís a dhéanamh ar fhianaise agus scéalta a chur le chéile trí cheistiú éifeachtach. Leagann Seisiún 3 béim ar an tábhacht agus ar an ról a bhaineann le hiniúchadh a dhéanamh ar ról an aiseolais fhoirmithigh i bhforbairt gníomhú foghlaimeoirí.

Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos. Is féidir leat rochtain a fháil ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.

Tacóidh na hábhair agus na hacmhainní tuilleadh le forbairt ghairmiúil aonair agus faoi stiúir na scoile san ábhar.

2023/2024 – Iniúchadh a dhéanamh ar Chuir Chuige i leith Taighde, Cumas Taighde a Fhorbairt agus Machnamh ar an Tionscadal Taighde

Ról an Tionscadail Taighde laistigh de Shonraíocht an Léinn Chlasaicigh

Is é fócas an IFG seo iniúchadh a dhéanamh ar chuir chuige i leith taighde, cumas taighde a fhorbairt agus machnamh a dhéanamh ar an Staidéar Taighde. Tugtar breac-chuntas ar ról an Staidéir Thaighde laistigh de Shonraíocht an Léinn Chlasaicigh i seisiún 1 agus na naisc idir an Staidéar Taighde agus an tsonraíocht a fhiosrú. Déantar iniúchadh i Seisiún 2 ar an gcaoi a ndéantar foinsí a mheas mar chuid den phróiseas taighde agus straitéisí a aithint ar an gcaoi chun taighde éifeachtach a dhéanamh. Déantar anailís i Seisiún 3 ar ról chomhpháirt mhóraiste an Staidéir Thaighde trí bhreathnú ar shaothar na scoláirí agus ról na dtorthaí agus na gconclúidí laistigh den phróiseas taighde á bhreithniú ag an am céanna.

Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos. Is féidir leat rochtain a fháil ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.

Tacóidh na hábhair agus na hacmhainní tuilleadh le forbairt ghairmiúil aonair agus faoi stiúir na scoile san ábhar.

Seisiúin chomhoibríocha:

Éascaíodh an seimineár gréasáin tacúil seo trí Bhéarla. Mar sin, níl na hábhair ghaolmhara ar fáil ach i mBéarla amháin.

2024/2025 – An Colasaem agus Taispeántas na Sean-Róimhe

Tá sé mar aidhm ag an gcomhsheisiún seo tacú le múinteoirí Léann Clasaiceach na Sraithe Sóisearaí agus na Sraithe Sinsearaí ar thopaic Thaispeántas na Sean-Róimhe agus ailtireacht na Sean-Róimhe. Díreoidh an comhsheisiún ar ailtireacht  an Cholasaeim a iniúchadh, an cuspóir polaitiúil a bhí taobh thiar dá thógáil, agus tábhacht shóisialta an fhoirgnimh ar shochaí na Sean-Róimhe. Tá naisc chuig na doiciméid/ábhair ábhartha uile ar fáil thíos. Is féidir rochtain a fháil ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.

Éascaíodh an seimineár gréasáin tacúil seo trí Bhéarla. Mar sin, níl na hábhair ghaolmhara ar fáil ach i mBéarla amháin.

2023/2024 – Sraith Chomhoibrioch Fealsúnachta: Horáit agus Platón

Bhí na láithreoireachtaí seo a leanas mar chuid de shraith dhá chuid d’imeachtaí comhoibríocha a bhí dírithe ar an bhfealsúnacht i Léann Clasaiceach na sraithe sinsearaí. Dhírigh Cuid 1 ar shaol agus ar shaothar fileata Horáit (Quintus Horatius Flaccus) a iniúchadh. Dhírigh Cuid 2 ar smaointe agus ar bharúlacha Shócraitéas a iniúchadh mar a léirítear i gCríotó Phlatóin. Tá naisc chuig na doiciméid/ábhair ábhartha uile ar fáil thíos. Is féidir rochtain a fháil ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.

Éascaíodh an seimineár gréasáin tacúil seo trí Bhéarla. Mar sin, níl na hábhair ghaolmhara ar fáil ach i mBéarla amháin.

Back to Top