Seimineár Gréasáín:
Déanfaidh an seimineár gréasáin tosaigh seo do Cheannairí Scoile agus do Chomhordaitheoirí na hIdirbhliana iniúchadh ar Ráiteas an Chláir Idirbhliana nua, ag aithint na ndeiseanna pleanála agus ag ullmhú ceannairí scoile agus comhordaitheoirí na hIdirbhliana dá gcéad chéimeanna eile le linn na scoilbhliana 2024 / 2025. Beidh ionchur mar chuid den seimineár gréasáin seo ó Cheannaire Scoile agus ó Chomhordaitheoir Idirbhliana ar a dtaithí óna bheith ag obair go dtí seo leis an RCIB nua ina gcomhthéacsanna scoile.
Ábhar Tacaíochta:
Sa rannóg seo tá ábhair na foghlama gairmiúla agus na hacmhainní tacaíochta a úsáideadh an seimineár gréasáin. Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos. Is féidir leat rochtain a fháil ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.
Ag Míniú Téarmaíocht Chlár Na hIdirbhliana
Gnéithe Scoláire, Eispéiris Scoláire agus Táscairí Forbartha
Eispéireas Foghlama Gairmiúla
Tríd an Eispéireas Foghlama Gairmiúil iomlán lae seo do Cheannairí Scoile agus do Chomhordaitheoirí na hIdirbhliana (IB), tabharfar deis do rannpháirtithe machnamh a dhéanamh ar Chlár reatha Idirbhliana a scoile agus é a iniúchadh le linn na scoilbhliana 2024 / 2025 de réir nuashonrú Ráiteas Chlár na hIdirbhliana, agus ag an am céanna páirt a ghlacadh i bplé gairmiúil agus i bpleanáil gníomhaíochta.
Ábhar Tacaíochta:
Sa rannóg seo tá ábhair na foghlama gairmiúla agus na hacmhainní tacaíochta a úsáideadh an Eispéireas Foghlama Gairmiúil. Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos. Is féidir leat rochtain a fháil ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.