Acmhainní

Seimineár Gréasáín: Ráiteas an Chláir Idirbhliana Nua

Seimineár Gréasáín:

Déanfaidh an seimineár gréasáin tosaigh seo do Cheannairí Scoile agus do Chomhordaitheoirí na hIdirbhliana iniúchadh ar Ráiteas an Chláir Idirbhliana nua, ag aithint na ndeiseanna pleanála agus ag ullmhú ceannairí scoile agus comhordaitheoirí na hIdirbhliana dá gcéad chéimeanna eile le linn na scoilbhliana 2024 / 2025. Beidh ionchur mar chuid den seimineár gréasáin seo ó Cheannaire Scoile agus ó Chomhordaitheoir Idirbhliana ar a dtaithí óna bheith ag obair go dtí seo leis an RCIB nua ina gcomhthéacsanna scoile.

Ábhar Tacaíochta:

Sa rannóg seo tá ábhair na foghlama gairmiúla agus na hacmhainní tacaíochta a úsáideadh an seimineár gréasáin. Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos. Is féidir leat rochtain a fháil ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.

Ag Míniú Téarmaíocht Chlár Na hIdirbhliana

Gnéithe Scoláire, Eispéiris Scoláire agus Táscairí Forbartha

Póstaeir agus Pleanáil
Ceannairí don Todhchaí – Clár don Idirbhliain

Ceannairí don Todhchaí – Clár don Idirbhliain

Is comhthionscnamh é “Clár Idirbhliana – Ceannairí na Todhchaí” ó Chumann Lúthchleas Gael agus Oide, an tseirbhís tacaíochta do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile. Is clár traschuraclaim é ina bhfuil sraith modúl deartha chun aibíocht, tionscnaíocht, freagracht agus scileanna ceannaireachta a spreagadh  i measc na scoláirí. Tugann an Clár an t-eolas agus na scileanna do scoláirí chun tacú le gach ról a theastaíonn chun na Cluichí Gaelacha a eagrú go héifeachtach. Mar chuid den Chlár, tugtar dúshlán do scoláirí imeachtaí ar an láthair agus lasmuigh den pháirc a eagrú agus a reáchtáil do dhaltaí níos óige.

Sábháilteacht ar líne a Theagasc sa Seomra Ranga (Iar-Bhunscoile) OSPS.

Sábháilteacht ar líne a Theagasc sa Seomra Ranga (Iar-Bhunscoile) OSPS.

Tá d’aidhm ag an gcúrsa seo tacaíocht a thabhairt duit maidir le sábháilteacht ar líne a mhúineadh sa seomra ranga trí na scileanna, an mhuinín agus na háiseanna cuí a thabhairt duit. Cuirfidh sé ar do chumas feasacht a mhúscailt agus cosc a chur ar iompar ar líne do dhaltaí a d’fhéadfadh a bheith díobhálach trí churaclam OSPS a chur chun feidhme ar leibhéil na Sraithe Sóisearaí, na hIdirbhliana agus na Sraithe Sinsearaí. Tá ábhar an chúrsa seo ag teacht leis an gcuraclam athbhreithnithe OSPS. 

Úsáidfidh agus oiriúnóidh tú acmhainní Webwise saor in aisce a mheallann daltaí chuig ábhair a bhaineann lena saol agus atá tábhachtach dá bhfolláine. 

Déileálann na hacmhainní Webwise sa chúrsa seo le hábhair amhail íomhánna míchuí a roinnt, ciapadh ar líne agus caidreamh níos dearfaí a fhorbairt lena chéile. 

Tá an cúrsa forbartha ag Teicneolaíocht san Oideachas de chuid Oide i gcomhair lenár bhfoireann Webwise.

Back to Top