Cuardaigh

Tacaíocht Iar-bhunscoile in Scoile

Forléargas ar Thacaíocht Ionscoile Oide   

Soláthraíonn Oide tacaíocht chomhthéacsaithe ionscoile le linn/tar éis uaireanta scoile i réimsí tosaíochtaí éagsúla. Is féidir linn é sin a chur ar fáil ar na dóigheanna seo:  

  • Ag obair le ceannairí scoile   
  • Ag obair le foirne iomlána (2 uair an chloig ar a laghad)   
  • Ag obair le grúpaí múinteoirí   
  • Ag léiriú cur chuige oideolaíochta sa seomra ranga   
  • Tacaíocht Leanúnach (tuilleadh eolais thíos)  

Trí iarratas a dhéanamh ar thacaíocht ionscoile, tiocfaidh Ceannaire Foghlama Gairmiúla Oide ar cuairt chuig do scoil chun tacaíocht a sholáthar a chuirfear in oiriúint do shainriachtanais na scoile. 

Tacaíocht Leanúnach 

Tá tacaíocht ionscoile Oide ar fáil ar bhonn leanúnach freisin. Tá cineál níos doimhne d’fhoghlaim ghairmiúil múinteoirí i gceist leis an Tacaíocht Leanúnach atá dírithe ar chumas inmheánach scoile a fhorbairt, rud a chuireann ar chumas scoileanna athrú a bhrú chun cinn agus a dhaingniú mar phobail neamhspleácha foghlaimeoirí.

Cuirtear an tacaíocht ar fáil thar thréimhse ama, ina mbíonn ceannairí scoile agus múinteoirí ag obair i dtreo spriocanna soiléire atá comhaontaithe. Sa chomhthéacs sin, tacaíonn ár gCeannairí Foghlama Gairmiúla le múinteoirí chun athmhachnamh a dhéanamh le chéile agus chun láidreachtaí agus riachtanais a aithint go comhoibríoch roimh chinneadh a dhéanamh maidir leis an mbealach is fearr chun cinn dá scoil. 

PríomhshonraíSula ndéantar iarratas ar Thacaíocht Ionscoile:   

  • Smaoinígí mar fhoireann scoile ar thosaíochtaí na scoile do 2025/2026.   .
  • Tá uimhir rolla agus pasfhocal na scoile a tugadh duit sa ríomhphost a ghabhann leis seo ag teastáil chun logáil isteach.   
  • Ní mór don Cheannaire Scoile iarratas a fhaomhadh.   
  • Cinntigh go nuashonraítear sonraí na scoile de réir mar is cuí.   
  • Is féidir le scoileanna suas le trí rogha a shonrú; rangaigh iad seo in ord tosaíochta.   
  • Nuair a chuirtear iarratas isteach, ní féidir é a chur in eagar ach trí ríomhphost a sheoladh chuig postprimarysupport@oide.ie    

Roghanna Tacaíochta Iar-Bhunscoile 2025 – 2026

Is féidir le scoileanna suas le trí réimse tacaíochta a roghnú, rangaigh iad in ord tosaíochta. 

Folláine Curaclaim (roghnaigh suas le 2 de na roghanna seo a leanas)
  • OSSP (CSPE) 
  • Corpoideachas (PE) 
  • OSPS (SPHE) 
Teicneolaíochtaí Digiteacha le haghaidh foghlama, teagaisc agus measúnaithe  (roghnaigh suas le 2 de na roghanna seo a leanas) 
  • Pleanáil Foghlama Digití
  • Teicneolaíochtaí Digiteacha le haghaidh foghlama, teagaisc agus measúnaithe (lena n-áirítear IS, AR/VR, Códú agus Smaointeoireacht Ríomhaireachtúil)  
  • Saoránacht Dhigiteach  
  • Ábhar Digiteach arna Dhéanamh ag Daltaí  
Ionduchtú Droichead – Tacaíocht a thabhairt don Phróiseas Droichead 
Béarla mar Theanga Bhreise
Iar-bhunscoil lán-Ghaeilge nó Gaeltachta nó Aonaid lán-Ghaeilge
  • Tacaíocht le cur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta
  • Tacaíocht d’Aonaid lán-Ghaeilge
  • Gaeilge mar Theanga Bhreise- Iar-bhunscoil lán-Ghaeilge nó Gaeltachta
  • Tacaíocht shaincheaptha don Chomhthéacs i Scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht
Oideachas Ionchuimsitheach
(roghnaigh suas le 2 de na roghanna seo a leanas) 
  • Sraith Shóisearach CFSSL1anna/CFSSL2nna (L1LPs/L2LPs)  
  • Sraith Shinsearach CFSSL1anna/CFSSL2nna (L1LPs/L2LPs)  
Ceannaireacht
(roghnaigh suas le 2 de na roghanna seo a leanas) 
  • Bheith i gCeannas ar Phleanáil Straitéiseach 
  • Tacaíocht do Mheáncheannaireacht 
  • Pleanáil na Ceannaireachta Ábhair 
  • Ag tacú leis an bhFoireann Ceannaireachta Sinsearaí 
  • Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí 
Tacaíocht do Chláir
(roghnaigh suas le 2 de na roghanna seo a leanas)
  • CSTS (JCSP) 
  • ATF (LCA) 
  • IB (TY) 
Cleachtas Athchóiritheach 
Tacaíocht a thabhairt d’Ábhair (Roghnaigh dá réir sin agus cuir sa bhosca thíos an t-ábhar/na hábhair mar aon le hachoimre ar an tacaíocht a iarrtar) 
  • An tSraith Shóisearach (Roghnaigh na hÁbhair thíos)  
  • An tSraith Shinsearach (Féach ar an mbosca dearg le teacht ar na hábhair atá ar fáil ag an SS) – agus liostaigh na hábhair ábhartha thíos.  
  • Eolaíocht Talmhaíochta
  • Matamaitic Fheidhmeach
  • Ealaín
  • Bitheolaíocht
  • Gnó
  • Ceimic
  • Léann Clasaiceach
  • Teangacha Clasaiceacha
  • Ríomheolaíocht
  • Grafaic Dheartha agus Chumarsáide
  • Eacnamaíocht
  • Gaeilge
  • Stair
  • Eacnamaíocht Bhaile
  • Matamaitic
  • Nuatheangacha Iasachta (an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Iodáilis, an tSeapáinis, an Laidin, an Liotuáinis, an Mhandairínis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rúisis, an Spáinnis)
  • Ceol
  • Fisic
  • Fisic agus Ceimic
  • An Pholaitíocht agus an tSochaí
  • Oideachas Reiligiúnach
  • Teicneolaíocht
Tacaíocht a thabhairt do Phleananna Gníomhaíochta DEIS 
Comhtheagasc 
Litearthacht Scoile Uile
Uimhearthacht Scoile Uile 
Eile

Teagmháil & Cur Isteach

Cuir Isteach Anois

Teagmháil Linn

Back to Top