D’fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Óige (ROÓ) Nósanna Imeachta nuashonraithe um Chosaint Leanaí do Scoileanna 2025 le déanaí. Tá Oide ag cur oiliúint ar fáil do DIAnna agus LDIAnna i scoileanna ag an iar-bhunleibhéal. Tá an clárúchán do na himeachtaí seo ar oscailt anois ag registration.oide.ie. Cuirfear tús leis na himeachtaí ar an 22 Meán Fómhair.

