Ábhair foghlama ghairmiúla

Tá na hábhair foghlama gairmiúla agus na hacmhainní tacaíochta sa chuid seo ar féidir iad a úsáid chun tacú le forbairt ghairmiúil duine aonair agus scoile ar fud gach réimse d’fhoghlaim teanga.

Foireann Eolaíochta E-Chnuasach 2022-2023

Forléargas ar ár Lá FGL 2022-2023:

Rinne muid iniúchadh ar thábhacht an mheasúnaithe mar chuid lárnach den teagasc agus den fhoghlaim laethúil. D’fhéach muid ar na deiseanna a thugtar trí mheasúnú foirmitheach chun tacaíocht agus rochtain a chur ar fáil do gach foghlaimeoir agus a ndúshlán a thabhairt agus d’fhorbair muid ár dtuiscint ar an gcaoi ar féidir lenár gcur chuige sa seomra ranga i leith an teagaisc agus na foghlama tacú le gach scoláire, lena n-áirítear scoláirí a bhíonn ag plé le CFL2nna.

Ábhar Tacaíochta: Faightear thíos na taispeántais Chumhachtphointe ón lá

Beidh ort na cóid MF laistigh den Chumhachtphointe a scanadh chun rochtain a fháil ar an thinglink don ghníomhaíocht ‘Ábhair agus a n-úsáidí’ agus don Genially don ‘Fhiosrúchán ar bhonn Feiniméin’. Tá acmhainn ar leith ann do mhúinteoirí chun tacú leat do heicseagáin féin a dhearadh a bheas ar shuíomh gréasáin Scoilnet go luath amach anseo.

Tá an nasc chuig an Chumhachtphointe ar fáil thíos. Is féidir leat an t-ábhar a fháil ar líne, nó leagan a íoslódáil chuig do ghléas.

Acmhainní agus Tacaíochtaí Breise:

NCCA: Ceistiú Éifeachtach

Cliceáil chun breathnú

Tacaíochtaí Breise lena n-áirítear Sraith Fócas ar Fhoghlaim an CNCM

Ábhar Tacaíochta:

Foireann Eolaíochta SSME-Chnuasach 2023-2024

Forléargas ar an Eispéireas seo na Foghlama Gairmiúla:

Rinne muid iniúchadh ar chuir chuige chun naisc a dhéanamh ar fud thorthaí foghlama Eolaíochta na Sraithe Sóisearaí. D’fhéach muid ar an bhfoghlaim bunaithe ar fhiosrú agus ar an seomra ranga dialógach mar dhá chur chuige a d’fhéadfadh feidhmiú i gcomhthéacs ár seomraí ranga. Rinne muid an fhoghlaim a chomhdhlúthú ansin trí phleanáil – mar roinn, chun deiseanna a chruthú do scoláirí na naisc sin a dhéanamh. D’fhéach muid freisin ar na naisc idir torthaí foghlama na hEolaíochta agus an Eolaíocht inár ngnáthshaol sa domhan thart orainn.

Ábhar Tacaíochta:

Foireann Eolaíochta SSME-Chnuasach 2023-2024

Cliceáil chun breathnú

Back to Top