‘Tá an Fhoireann Tacaíochta Gairmiúla (FTG) comhdhéanta de chomhghleacaithe a bhfuil taithí acu, a bhfuil clár foghlama gairmiúla curtha i gcrích acu i dteannta Oide, lena n-áirítear forbairt scileanna meantóireachta.’
(An Chomhairle Mhúinteoireachta, 2025, lch.3).
Mar chuid dá gcleachtas foghlama gairmiúla agus meantóireachta, cuidíonn baill den FTG le MNCanna trí léargas, cúram agus comhairle ghairmiúil a thabhairt. Tá sé beartaithe go gcuirfidh na hacmhainní thíos leis an obair mheantóireachta agus go gcuirfidh siad ar chumas na mball FTG tacaíocht leanúnach ardchaighdeáin a thabhairt do MNCanna i rith Droichead.
