Achoimre ar na hEispéiris um Fhoghlaim Ghairmiúile
‘Fóram is ea na cnuaschruinniú inar féidir le MNCanna ceisteanna a chur, treoir a lorg, smaointe a roinnt agus machnamh a dhéanamh ar dhúshláin, ar éachtaí agus ar eispéiris ar leith ina gcleachtas gairmiúil, nó ra an bpróiséas Droichead féin.’ (An Chomhairle Mhúinteoireachta, 2025, l.12)
Mar chuid den Phróiseas Droichead, is gá do MCNanna tabhairt faoin eispéireas foghlama gairmiúla ar líne agus freastal ar dhá Chnuaschruinniú:
Cnuaschruinniú Ginearálta: Dírithe ar réimsí leathana maidir le cleachtas gairmiúil
Cnuaschruinniú Dírithe: Ina ndéantar plé ar réimsí ar leith den chleachtas gairmiúil, agus ina gcuirtear an t-ábhar i gcomhthéacs chun teacht le riachtanais na MNCanna
Is féidir le MNCanna freastal ar an gcnuaschruinniú ginearálta agus ar an gcnuaschruinniú dírithe in ord ar bith.
Ní mór ríomhphost deimhnithe a bheith faighte ag MNCanna ón gComhairle Mhúinteoireachta ag ceadú dóibh tosú ar a bpróiseas Droichead sula gcláróidh siad ar chnuaschruinniú.
Ábhar Tacaíochta:
Sa rannán seo tá ábhair na foghlama gairmiúla agus na hacmhainní tacaíochta a úsáideadh le linn EFG.
Tacóidh na hábhair agus na hacmhainní tuilleadh le foghlaim ghairmiúil comhghleacaithe.
Droichead – Iar-bhunscoil – Cnuaschruinniú Ginearálta – Físeán Gníomhaíocht 3 – Aistear David trí Droichead
