Cuardaigh

Ábhar Foghlama Gairmiúla

Sa rannán seo tá ábhair na foghlama gairmiúla agus na hacmhainní tacaíochta a úsáideadh le linn Imeachtaí Foghlaim Ghairmiúil Léann Clasaiceach na Sraithe Sinsearaí.

2025/2026 – Ábhair foghlama gairmiúla agus acmhainní tacaíochta do Léann Clasaiceach na Sraithe Sinsearaí.

Achoimre ar an EFG: Léann Clasaiceach na Sraithe Sóisearaí/na Sraithe Sinsearaí:
Ag Glacadh leis an Idirbhliain: Deiseanna Tarraingteacha agus Athmhachnamhacha a Chruthú.

San Eispéireas Foghlama Gairmiúla (EFG) seo do mhúinteoirí a theagascann Léann Clasaiceach na Sraithe Sóisearaí/na Sraithe Sinsearaí, díríodh go príomha ar an Idirbhliain agus ar eispéiris foghlama a fhorbairt atá éifeachtach agus fiúntach do na scoláirí.
Bhí deis ag na rannpháirtithe dul i ngleic le Ráiteas an Chláir Idirbhliana agus plé a dhéanamh ar na deiseanna a thagann leis do na Clasaicí agus don Léann Clasaiceach. I measc na rudaí a bhí lárnach san Eispéireas Foghlama Gairmiúla seo bhí fiosrú ar stíleanna inste, scéalaíocht agus cuir chuige don mhapáil dhigiteach mar oideolaíochtaí a bhfuil fiúntas agus tarraingt acu do Chlasaicí na hIdirbhliana.

Tabharfaidh na hábhair agus na hacmhainní thíos tuilleadh tacaíochta don fhorbairt ghairmiúil san ábhar ar bhonn aonair nó faoi stiúir na scoile. Is féidir leat teacht ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na cáipéisí a íoslódáil.

Éascaíodh an seimineár gréasáin tacúil seo trí Bhéarla. Mar sin, níl na hábhair ghaolmhara ar fáil ach i mBéarla amháin.

2024/2025 – Iniúchadh ar an saol laethúil i sochaithe ársa na Gréige agus na Róimhe:

Forléargas ar EFG: Rannpháirtíocht na scoláirí le Pearsana ón Seanam a Fheabhsú, Critéir Ratha agus Ábhar Digiteach a Fhorbairt i Léann Clasaiceach na Sraithe Sóisearaí

Is é fócas an EFG seo iniúchadh a dhéanamh ar shaol laethúil daoine ó shochaithe ársa na Gréige agus na Róimhe agus smaointeoireacht chriticiúil agus gníomhú foghlaimeoirí a chothú trí fhoghlaim ar bhonn fiosraithe agus trí thaighde éifeachtach. Breithnítear i Seisiún 1 conas gníomhú foghlaimeoirí a fheabhsú i seomra an Léinn Chlasaicigh, breathnaítear tuilleadh i Seisiún 2 ar ghníomhú foghlaimeoirí a fhorbairt trí shraith gníomhaíochtaí foghlama ar bhonn fiosraithe ar ábhair foinse ársa ó Phoimpé, anailís a dhéanamh ar fhianaise agus scéalta a chur le chéile trí cheistiú éifeachtach. Leagann Seisiún 3 béim ar an tábhacht agus ar an ról a bhaineann le hiniúchadh a dhéanamh ar ról an aiseolais fhoirmithigh i bhforbairt gníomhú foghlaimeoirí.

Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos. Is féidir leat rochtain a fháil ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.

Tacóidh na hábhair agus na hacmhainní tuilleadh le forbairt ghairmiúil aonair agus faoi stiúir na scoile san ábhar.

2023/2024 – Iniúchadh a dhéanamh ar Chuir Chuige i leith Taighde, Cumas Taighde a Fhorbairt agus Machnamh ar an Tionscadal Taighde

Ról an Tionscadail Taighde laistigh de Shonraíocht an Léinn Chlasaicigh

Is é fócas an IFG seo iniúchadh a dhéanamh ar chuir chuige i leith taighde, cumas taighde a fhorbairt agus machnamh a dhéanamh ar an Staidéar Taighde. Tugtar breac-chuntas ar ról an Staidéir Thaighde laistigh de Shonraíocht an Léinn Chlasaicigh i seisiún 1 agus na naisc idir an Staidéar Taighde agus an tsonraíocht a fhiosrú. Déantar iniúchadh i Seisiún 2 ar an gcaoi a ndéantar foinsí a mheas mar chuid den phróiseas taighde agus straitéisí a aithint ar an gcaoi chun taighde éifeachtach a dhéanamh. Déantar anailís i Seisiún 3 ar ról chomhpháirt mhóraiste an Staidéir Thaighde trí bhreathnú ar shaothar na scoláirí agus ról na dtorthaí agus na gconclúidí laistigh den phróiseas taighde á bhreithniú ag an am céanna.

Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos. Is féidir leat rochtain a fháil ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.

Tacóidh na hábhair agus na hacmhainní tuilleadh le forbairt ghairmiúil aonair agus faoi stiúir na scoile san ábhar.

Seisiúin chomhoibríocha:

Éascaíodh an seimineár gréasáin tacúil seo trí Bhéarla. Mar sin, níl na hábhair ghaolmhara ar fáil ach i mBéarla amháin.

2025/2026 – Eispéireas Foghlama Gairmiúla ar Chlasaicí na Sraithe Sóisearaí agus Léann Clasaiceach na Sraithe Sinsearaí, Feabhra 2026 – Cód Hóiméarach san Íliad: Gutha, Luachanna agus Struchtúir Inste

Bhí sé mar aidhm san imeacht comhoibríoch seo tacú le múinteoirí a theagascann Clasaicí na Sraithe Sóisearaí agus Léann Clasaiceach na Sraithe Sinsearaí maidir leis an topaic ‘Cód Hóiméarach san Íliad’. Cuimsíodh grinnléitheoireacht, anailís chomhoibríoch agus straitéisí atá réidh don seomra ranga san imeacht roghnach seo chun cur le tuiscint ar charachtair, ar choimhlint agus ar theicníc liteartha san fhilíocht eipiciúil.

2024/2025 – An Colasaem agus Taispeántas na Sean-Róimhe

Tá sé mar aidhm ag an gcomhsheisiún seo tacú le múinteoirí Léann Clasaiceach na Sraithe Sóisearaí agus na Sraithe Sinsearaí ar thopaic Thaispeántas na Sean-Róimhe agus ailtireacht na Sean-Róimhe. Díreoidh an comhsheisiún ar ailtireacht  an Cholasaeim a iniúchadh, an cuspóir polaitiúil a bhí taobh thiar dá thógáil, agus tábhacht shóisialta an fhoirgnimh ar shochaí na Sean-Róimhe. Tá naisc chuig na doiciméid/ábhair ábhartha uile ar fáil thíos. Is féidir rochtain a fháil ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.

Éascaíodh an seimineár gréasáin tacúil seo trí Bhéarla. Mar sin, níl na hábhair ghaolmhara ar fáil ach i mBéarla amháin.

2023/2024 – Sraith Chomhoibrioch Fealsúnachta: Horáit agus Platón

Bhí na láithreoireachtaí seo a leanas mar chuid de shraith dhá chuid d’imeachtaí comhoibríocha a bhí dírithe ar an bhfealsúnacht i Léann Clasaiceach na sraithe sinsearaí. Dhírigh Cuid 1 ar shaol agus ar shaothar fileata Horáit (Quintus Horatius Flaccus) a iniúchadh. Dhírigh Cuid 2 ar smaointe agus ar bharúlacha Shócraitéas a iniúchadh mar a léirítear i gCríotó Phlatóin. Tá naisc chuig na doiciméid/ábhair ábhartha uile ar fáil thíos. Is féidir rochtain a fháil ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.

Éascaíodh an seimineár gréasáin tacúil seo trí Bhéarla. Mar sin, níl na hábhair ghaolmhara ar fáil ach i mBéarla amháin.

Back to Top