Tá sé de chuspóir ag an imeacht seo cur le tuiscint na mball den Fhoireann Tacaíochta Gairmiúla ar ról an mheantóra toisc go luaitear an méid seo a leanas i bpolasaí na Comhairle Múinteoireachta ar Leanúntas in Oideachas Múinteoirí: “Ba chóir meantóirí a oiliúint sa ról le cláir ar leith um fhorbairt meantóireachta” (2011, lch 17).
Is deis í an ócáid seo iniúchadh a dhéanamh ar sheasamh na meantóireachta sa Chóras Oideachais, tuilleadh forbartha a dhéanamh ar Chaidrimh Dhearfacha Ghairmiúla, cineálacha cur chuige a chur chun cinn maidir le Rannpháirtíocht i gComhráite Dúshlánacha agus machnamh a dhéanamh ar rannpháirtíocht na Scoile Uile d’fhonn próiseas Droichead a chur chun feabhais.