Snáithe A: Ionduchtú Scoilbhunaithe

“Tá dhá phríomhshnáithe de phróiseas Droichead ann mar chreatlach ionduchtaithe chomhtháite do mhúinteoirí nua-cháilithe (MNCanna). An chéad snáithe ná snáithe ionduchtaithe scoilbhunaithe (Snáithe A), ina bhfaigheann an MNC tacaíocht ó chomhghleacaithe a bhfuil taithí acu” (An Chomhairle Mhúinteoireachta, 2017, lch. 3).

Ba cheart do na MNCanna, a gcuid riachtanas a aithint i rith an phróisis agus ansin ba cheart machnamh pearsanta a dhéanamh nó machnamh a dhéanamh i gcomhar lena bhFTG.

Mar atá luaite ag MNC sa Tuairisc DEEPEN: “Mhothaigh mé gur inspioráideach an rud é a bheith ag breathnú ar mhúinteoirí eile, agus a bheith in ann a ngairmiúlacht agus an grá atá acu don mhúinteoireacht a fheiceáil” (Uí Choistealbha & Ní Dhuinn, 2021, lch.92). 

Ag Ullmhú do MNC
Cruinniú Tosaigh den FTG
Cruinniú Tosaigh idir an FTG agus MNC(anna)
FTG agus an Fhoireann Scoile Uilig
Dul i mBun an Phróisis le MNC
Ag Taifead an Phróisis
Ag Tacú leis an MNC
Eolas do MNCanna
Doiciméid Úsáideacha
Back to Top