Seimineáir Gréasáin

Féach ar ár mbailiúchán cuimsitheach de sheimineáir gréasáin agus acmhainní don fhorbairt ghairmiúil, deartha ar mhaithe le forbairt aonair agus uile-scoile i bhfoghlaim digiteach a chur chun cinn.

Seimineáir gréasáin go dtí seo

Fiosraigh ár gcuid seimineáir gréasáin, á gcur i láthair ag foireann Teicneolaíochtaí Digití Oide I measc na n-ábhar faoi chaibidil tá conas plé leis an Creat Foghlama Digití, cuir chuige i leith foghlaim chumaisc agus go leor straitéisí eile i leith foghlaim dhigiteach.

Seimineáir Gréasáin de chuid Oide Teicneolaíocht san Oideachas
Tacaíochtaí do Cheannairí Foghlama Digiteacha i mBunscoileanna – Seimineár Gréasáin 1

Foramharc ar ‘Tacaíochtaí do Cheannairí Foghlama Digiteacha i mBunscoileanna – Seimineár Gréasáin 1’

Sa seimineár gréasáin seo, scrúdaítear acmhainní agus tacaíochtaí atá ar fáil do cheannairí foghlama digiteacha. Tugaimid léargas ar an bpróiseas pleanála sé chéim agus cuirimid achoimre ar fáil maidir leis na ceanglais pleanála nach mór do scoileanna a mheas i gcomhthéacs na foghlama digití. Tugtar na hacmhainní cuí do mhúinteoirí ar mhaithe le forbairt rathúil i réimse na foghlama digití ina bpobail scoile féin.

Ábhar Tacaíochta:

Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos.

Féach ar ‘Tacaíochtaí do Cheannairí Foghlama Digiteacha i mBunscoileanna’

Tacaíochtaí do Cheannairí Foghlama Digiteacha i mBunscoileanna – Seimineár Gréasáin 2

Foramharc ar ‘Tacaíochtaí do Cheannairí Foghlama Digiteacha i mBunscoileanna – Seimineár Gréasáin 2’

Le linn an tseisiúin seo, déanaimid scrúdú ar na hacmhainní ríthábhachtacha atá ar fáil do cheannairí foghlama digiteacha lena n-áirítear príomhdhoiciméid treorach. Cuirimid forbhreathnú cuimsitheach ar bhonneagar digiteach i scoileanna ar fáil, ag cuimsiú gnéithe mar nascacht leathanbhanda, creata ceannaigh, agus príomhghnéithe. Ar a bharr sin, treoraímid trí thírdhreach na ndeontas a eisíodh do scoileanna le blianta beaga anuas agus cuirimid léargais ar fáil ar phleanáil éifeachtach dá leithdháileadh.

Ábhar Tacaíochta:

Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos.

Féach ar ‘Tacaíochtaí do Cheannairí Foghlama Digiteacha i mBunscoileanna – Seimineár Gréasáin 2’

Tacaíochtaí do Cheannairí Foghlama Digiteacha i mBunscoileanna – Seimineár Gréasáin 3

Foramharc ar ‘Tacaíochtaí do Cheannairí Foghlama Digiteacha i mBunscoileanna – Seimineár Gréasáin 3’

Sa seisiún seo, scrúdaímid na hacmhainní ríthábhachtacha atá ar fáil do cheannairí foghlama digiteacha lena n-áirítear príomhdhoiciméid treorach. Cuirimid forbhreathnú cuimsitheach ar bhonneagar digiteach i scoileanna ar fáil, ag cuimsiú gnéithe mar nascacht leathanbhanda, creata ceannaigh, agus príomhghnéithe. Ina theannta sin, déanaimid dul i ngleic le tírdhreach na ndeontas a eisíodh do scoileanna le blianta beaga anuas agus cuirimid léargais ar fáil ar phleanáil éifeachtach dá leithdháileadh.

Ábhar Tacaíochta:

Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos.

Féach ar ‘Tacaíochtaí do Cheannairí Foghlama Digiteacha i mBunscoileanna – Seimineár Gréasáin 3’

Back to Top