‘Tacaíonn Droichead le MNCanna de réir mar a aistríonn siad ó OTM agus nuair a chuireann a bpiaraí fáilte rompu isteach sa ghairm. Tacaíonn sé le MNCanna agus iad ag trasnú an ‘droichid’, iad mar mhúinteoir faoi oiliúint agus ansin ina múinteoir ar dhaltaí.’ (An Chomhairle Mhúinteoireachta, 2025, lch.4).
Is aistriú tábhachtach é an chéim seo i dturas ghairmiúil MNC, agus níltear ag dúil go ndéanfaidh siad a mbealach tríd leo féin. Gheofar thíos réimse acmhainní a thacóidh le MNCanna agus iad ag plé le Droichead.