Ábhair Foghlama Gairmiúla

Sa rannán seo tá ábhair na foghlama gairmiúla agus na hacmhainní tacaíochta a úsáideadh le linn Imeachtaí Foghlaim Ghairmiúil Léann Clasaiceach na Sraithe Sóisearaí 2023/2024.

Tacóidh na hábhair agus na hacmhainní tuilleadh le forbairt ghairmiúil aonair agus faoi stiúir na scoile san ábhar.

Forléargas ar Imeacht Foghlaim Ghairmiúil (IFG): Rannpháirtíocht na scoláirí le Pearsana ón Seanam a Fheabhsú, Critéir Ratha agus Ábhar Digiteach a Fhorbairt i Léann Clasaiceach na Sraithe Sóisearaí

Is é fócas an EFG seo iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi chun rannpháirtíocht na scoláirí le pearsana ón seanam a fheabhsú, critéir ratha agus ábhar digiteach a fhorbairt i Léann Clasaiceach na Sraithe Sóisearaí. Breithníonn Seisiún 1 straitéisí chun rannpháirtíocht na scoláirí a fheabhsú le daoine a raibh tionchar acu ar an domhan ársa agus ar ról na spreagthaí fuaime agus amhairc i Seomra Ranga an Léinn Chlasaicigh.  Déantar iniúchadh i Seisiún 2 ar an tábhacht a bhaineann le hintinní foghlama agus critéir ratha a fhorbairt sa seomra ranga agus deis a bheith ann an fhoghlaim a phlé ó shamplaí de shaothar scoláirí. Glactar cur chuige praiticiúil i seisiún 3 maidir le hinneachar digiteach a fhorbairt trí úsáid a bhaint as scéalaíocht agus as teicneolaíochtaí digiteacha.

Seisiún 1

Rannpháirtíocht na scoláirí le Pearsana Mór le Rá i Seomra Ranga na gClasaicí a Fheabhsú

Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos. Is féidir leat rochtain a fháil ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.

Seisiún 2

Intinní Foghlama agus Critéir Ratha a Fhorbairt i Seomra Ranga na gClasaicí

Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos. Is féidir leat rochtain a fháil ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.

Seisiún 3

Ábhar digiteach a chruthú ar féidir leis rannpháirtíocht na scoláirí san fhoghlaim a fheabhsú agus a dhoimhniú.

Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos. Is féidir leat rochtain a fháil ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.

Back to Top