Copy of_ Cúrsa Samhraidh 2024 – Curaclam Teanga na Bunscoile i bhfeidhm i mo Sheomra Ranga

Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil sonraí do Chúrsa Samhraidh 2024 ' Curaclam Teanga na Bunscoile i bhfeidhm i mo Sheomra Ranga' a bheidh ar súil aghaidh ar aghaidh ar fáil anois. Cuirfear an cúrsa ar fáil i ndeich n-ionad éagsúla, ar fud na tíre, idir 1 - 5 Iúil 2024 nó 12 - 16 Iúil 2024.

Cuirfidh Oide cúrsa aghaidh ar aghaidh i láthair, ina bpléifear eispéiris foghlama phraiticiúla, spraíúla agus tarraingteacha chun torthaí foghlama an CTB a fhorbairt. Freisin, cuirfear spotsolas ar an mbealach ina léirítear iad seo i gCreatchuraclam na Bunscoile. Beidh cothromaíocht le linn na seachtaine idir mhúineadh an Bhéarla agus múineadh na Gaeilge.

Cáilíonn gach cúrsa do laethanta EPV ar choinníoll go gcomhlíonann múinteoirí critéir tinrimh na Roinne Oideachais agus Scileanna.

Scrúdaigh na bileoga eolais thíos chun tuilleadh a fháil amach faoi chúrsa den scoth a bheidh ann!

Back to Top