Tá sé mar aidhm ag an seimineár seo tacú le ceannairí scoile agus múinteoirí cultúr cuimsitheach a chothú ina scoileanna. Trí phlé agus machnamh, beidh deiseanna ag rannpháirtithe:
- a dtuiscint ar chuimsiú agus ar éagsúlacht a fhorbairt.
- iniúchadh a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag cultúr, caidreamh, comhpháirtíochtaí, beartas, pleanáil, curaclam agus cuir chuige oideolaíocha ar bhraistint mhuintearais an fhoghlaimeora sa scoil.
- machnamh a dhéanamh ar a gcultúr scoile reatha agus a bhreithniú conas is féidir leo tógáil ar a gcleachtais reatha agus iad a fhorbairt.
Beidh an seimineár seo ar siúl i dtréimhse 1 agus 2. Osclófar clárú seimineár ar an 30ú Meán Fómhair agus arís ar an 10ú Márta.