Ní mór do Mhúinteoirí Nuacháilithe (MNCanna) freastal ar suas le trí chnuaschruinniú éagsúla ar feadh a bpróiseas Droichead.
Is fóram é gach cnuaschruinniú inar féidir le MNCanna an próiseas Droichead agus cleachtas ghairmiúil a phlé agus soiliéiriú a lorg. Moltar do MNCanna ceisteanna a chur, treoir a lorg, macnamh a dhéanamh ar dúshláin ar leith agus rathúlacht, smaointe agus eispéiris a roinnt.
Éascaíonn Comhaltaí Ionduchtúcháin Droichead a bhfuil taithí acu na cnuaschruinnithe agus cuireann siad bealaí tacaíochtaí ar fáil do MNCanna idir ghairmiúla agus pearsanta. Cothaíonn an cur chuige comhfoghlama seo caidrimh ghairmiúla, muinín agus inniúlacht.
Ní mór do MNCanna riachtanas iomlán cnuaschruinniú a bhaint amach de réir an Fhéilire Chnuaschruinnithe Droichead 2024.2025. Ní mór do MNCanna an féilire seo a léamh i dteannta le ‘Cnuaschruinnithe: Faisnéis Tábhachtach agus Prótacail Freastail‘.