Clárú le haghaidh Cúrsaí Samhraidh ar Líne (Bunscoil) – Oide Teicneolaíocht san Oideachas

Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil fáil anois ar na sonraí i gcomhair clár na gcúrsaí samhraidh ar líne 2024 do mhúinteoirí bunscoile, lena n-áirítear cur síos ar na cúrsaí, dátaí na gcúrsaí agus sonraí cláraithe.

Is iad na cúrsaí sin:

Rud Nua! Teicneolaíocht Dhigiteach don Fhoghlaim Ionchuimsitheach, 1-18 Iúil (Faomhadh lae ó EPV ar feitheamh)
Tionscadail Ilmheán maidir leis an Aeráid agus Inbhuanaitheacht, 1-18 Iúil (Faomhadh lae ó EPV)

Osclófar an rollú ó 10r.n., an 1 Bealtaine don dá chúrsa agus beidh sé oscailte go dtí go nglacfar gach áit. Níl cead ag rannpháirtithe ach clárú i gcúrsa amháin. Tá fáilte roimh mhúinteoirí bunscoile, lena n-áirítear MNCanna. Cuimhnigh go dteastaíonn Cuntas Scoilnet uait leat féin a chlárú.

Back to Top