Cé muid
Déanfaidh an eagraíocht nua buanna na seirbhísí tacaíochta reatha a tharraingt le chéile, trí na tacaí agus na seirbhísí ar ardchaighdeán den chineál céanna atá curtha ar fáil ag LCS, SSM, CNIM, agus SFGM a sholáthar.
Comhcheanglófar na hacmhainní luachmhara, an saineolas agus na córais oibriúcháin éifeachtacha atá i bhfeidhm trasna na seirbhísí. Anuas air sin, beidh sé de chumas ag Oide cuir chuigí nuálacha agus cruthaitheacha eile a chur ar fáil maidir le soláthar tacaíocht scoile agus foghlaim ghairmiúil do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile. Freastalófar ar riachtanais na mbunscoileanna, na n-iar-bhunscoileanna agus na scoileanna speisialta, agus na láithreacha éagsúla oideachais in Éirinn don todhchaí.
Céard a dhéanann muid
Is í fís na heagraíochta comhtháite nua, Oide, ná tacú le foghlaim ghairmiúil trí fhoghlaim shofhreagrach, nuálach d’ardchaighdeán a fhorbairt chun múinteoirí agus ceannairí scoile in Éirinn a chumasú chun freastal ar riachtanais foghlama na scoláirí i sochaí athraitheach.
Beidh Oide mar eagraíocht ag cloí le dea-chleachtais náisiúnta agus idirnáisiúnta. Comhoibreoidh Oide le páirtithe leasmhara ábhartha; forbróidh sé ar na naisc a mhaireann cheana le páirtithe leasmhara na gceannairí scoile chun na torthaí is fearr do scoileanna, do cheannairí scoile, do mhúinteoirí agus d’fhoghlaimeoirí araon a bhaint amach. Oibreoidh Oide go dian dícheallach chun é féin a fhréamhú mar eagraíocht aireach, shofhreagrach, mharthanach don todhchaí, agus é leabaithe go buan chun córas cumarsáide níos sruthlíní a chruthú idir é agus gach scoil ag cinntiú go ndéanfar freastal éifeachtach ar ilriachtanais agus ar shainriachtanais na scoileanna éagsúla.
An t-ainm Oide
Roghnaíodh an t-ainm Oide don tseirbhís chomhtháite nua a thacóidh le riachtanais gairmiúla ceannairí agus múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile in Éirinn ó Mheán Fómhair 2023 ar aghaidh.
Léiríonn roghnú an fhocail as Gaeilge don tseirbhís chomhtháite an tábhacht ollmhór a bhaineann le teanga na Gaeilge dár scoláirí agus dár scoileanna inár gcóras oideachais. Focal Gaeilge é Oide a chiallaíonn ‘teacher’, atá ar aon dul leis an téarma Gaeilge ‘múinteoir´, ach le brí níos ársa. Tá brí níos leithne ag an bhfocal sa Ghaeilge a chuireann ‘teagascóir’, ‘treoraí ‘agus ‘ollamh’ san áireamh. Tugann an bhrí chuimsitheach seo le fios an réimse leathan eolais agus an caighdeán ard a bhíodh ag an Oide mar dhuine, aitheanta dá threoir, dá chomhairle fhoghlama agus dá scileanna teagaisc.
Ár Misean
![Group 8639 2](https://oide.ie/wp-content/uploads/2023/02/Group-8639-2.png)
Learning
opportunities
Provide school leaders and teachers with accessible, inclusive, innovative and reflective professional learning opportunities which are quality assured.
![graduation hat](https://oide.ie/wp-content/uploads/2023/02/graduation-hat.png)
Empowering
educators
Oideoirí a chumhachtú mar fhoghlaimeoirí ar feadh a ngairme, ag cinntiú comhleanúnachas soláthair ar fud chontanam foghlama na múinteoirí, soláthar atá freagrúil do riachtanais na bhfoghlaimeoirí go léir.
![blackboard](https://oide.ie/wp-content/uploads/2023/02/blackboard.png)
Learning
supports
Dul i mbun meastóireacht bharántúil leanúnach ar riachtanais, tosaíochtaí agus seirbhísí chun bonn eolais a chur go straitéiseach faoi thacaí foghlama gairmiúla Oide .
![certificate](https://oide.ie/wp-content/uploads/2023/02/certificate.png)
High
standards
Respond to and be accountable for ensuring trusted high standards across the service we provide.
![shutterstock 735971821](https://oide.ie/wp-content/uploads/2023/02/shutterstock_735971821-e1676371500740.jpg)