Cnuaslá Ábhair Foghlaim Ghairmiúil Múinteoirí (FGM)

Tá áthas ar Oide sonraí a fhoilsiú faoina cnuaslá ábhair iar-bhunscoile atá beartaithe do 2024/2025. Is éard atá i gceist leis an múnla cnuasach ná go ndúnfaidh roinnt scoileanna do scoláirí ar an lá céanna chun cuidiú leis na múinteoirí ar fad i ngach scoil teacht le chéile, go pearsanta nó ar líne, chun freastal ar fhoghlaim ghairmiúil atá sainiúil don ábhar.

Beidh suas le sé cheardlann déag ar fáil mar chuid dár gcnuasaigh an bhliain seo chugainn le roinnt ceardlann ag díriú ar an tSraith Shinsearach, cuid eile ar an tSraith Shóisearach agus cuid eile ar mheascán de ghnéithe na Sraithe Sinsearaí agus na Sraithe Sóisearaí araon.

Tá sonraí iomlána ar fáil ag na naisc seo a leanas:

Foghlaim Ghairmiúil Múinteoirí (FGM), Cnuaslá Ábhair (Ar Líne)

Foghlaim Ghairmiúil Múinteoirí (FGM), Cnuaslá Ábhair (i bPearsan)

Back to Top