Acmhainní agus Tionscnaimh

This section contains the professional learning materials and supporting resources which can be used to support individual and school-led professional development across all areas of language learning.

Uirlisí do Mhúinteoirí (trí Scoilnet)

Uirlisí do Mhúinteoirí:

Téigh chuig Uirlisí do Mhúinteoirí trí suíomh Scoilnet chun rochtain a fháil ar acmhainn digiteacha ar mhaithe le ceachtanna spreagúla a chruthú le huirlisí idirghníomhacha agus tarraingteacha.

Uirlisí do Mhúinteoirí (trí Scoilnet)

Cliceáil chun breathnú
FÍS – Scannánaíocht sa Scoil

FÍS – Scannánaíocht sa Scoil

New FIS Logo 6

Is tionscadal scannánaíochta an-rathúil é FÍS do bhunscoileanna ina ndéantar iniúchadh ar scannánaíocht agus beochan mar mheán léirithe i ndáil leis na healaíona, agus cuireann sé gnéithe den phróiseas scannánaíochta i láthair leanaí. Tosaíodh an tionscadal FÍS i 2000 agus tagann críoch leis gach bliain san Helix i mBaile Átha Cliath i searmanas ar nós Oscars.

Chuir an Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta i nDún Laoghaire Tionscadal Scannánaíocht FiS ar bun ar dtús mar threoirthionscadal i 28 scoil . Cuireadh i bhfeidhm é ina dhiaidh sin i ngach scoil ar fud na tíre in 2000 le tacaíocht ón Roinn Oideachais agus leis an NCTE a bhí ann an tráth sin (Oide-Teicneolaíocht san Oideachas anois) mar phríomh-chomhpháirtí.

Suíomh idirlíne FÍS – Scannánaíocht sa Scoil

Cliceáil chun breathnú

FÍS – Scannánaíocht sa Scoil: Acmhainní an mhúinteora

Cliceáil chun breathnú

Eolas breise

Cliceáil chun breathnú
Punanna Digiteacha

Punanna Digiteacha:

Digital Portfolio Suitcase (3)

Comhordaíonn Oide / Oide-Teiceolaíocht san Oideachas tacaíocht do scoileanna agus do mhúinteoirí a bhíonn ag plé le punanna digiteacha. Tá dhá sraith straitéisí le haghaidh punanna digiteacha ag Oide / Oide-Teicneolaíocht san Oideachas, ceann amháin do mhúinteoirí bunscoile agus ceann eile do mhúinteoirí iar-bhunscoile ina ndéantar iniúchadh ar chineál na bpunann digiteach agus ina gcuimsítear tacaíochtaí ar Mheasúnú Foirmitheach; Tacaíochtaí Google Workspace; tacaíochtaí Oifig 365; Beartas & Pleanáil. Chruthaigh Ceannairí Foghlama Ghairmiúla Teicneolaíochtaí Digiteacha Oide seimineáir ghréasáin agus cuir i láthair ar leith do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna ar féidir féachaint orthu ar na fo-leathanaigh thuas.

Ábhar Tacaíochta:

Gheobhaidh tú dhá ábhar tacaíochta thíos:

Punanna Digiteacha (Cúrsa ar líne)

Sraitheanna Straitéisí – Punanna Digiteacha

Punanna Digiteacha d’Iarbhunscoileanna (Cúrsa ar líne)

Cliceáil chun breathnú

Sraith Straitéisí – Punanna Digiteacha (Iarbhunscoileanna)

Cliceáil chun breathnú

Punanna Digiteacha do Bhunscoileanna (Cúrsa ar líne)

Cliceáil chun breathnú

Sraitheanna Straitéisí – Punanna Digiteacha (Bunscoileanna)

Cliceáil chun breathnú

Eolas breise

Cliceáil chun breathnú
Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh

Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh:

Tá sé mar aidhm le Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh nó an Seachtain Chóid AE an códú agus an litearthacht dhigiteach a thabhairt chuig gach duine ar bhealach spraíúil agus tarraingteach. Deirtear sa Straitéis Dhigiteach do Scoileanna go dtí 2027 “gur chóir códú agus smaointeoireacht ríomhaireachta ar leibhéal na bunscoile a chomhtháthú ar fud an churaclaim chomh maith le spás follasach a chruthú chun cuidiú le teagasc agus foghlaim na mbunscileanna atá de dhíth.”

Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh – Suíomh Idirlíne

Cliceáil chun breathnú

Mol Códaithe agus Smaointeoireachta Ríomhaireachtúla

Cliceáil chun breathnú

Ábhair ó cheardlann Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh

Cliceáil chun breathnú
Tionscnamh WEAVE

Tionscnamh WEAVE:

weave

Tá sé mar aidhm ag tionscnamh WEAVE múinteoirí a spreagadh chun smaointeoireacht ríomhaireachtúil agus códú a chur lena gcuid ceachtanna. Díríonn an tionscnamh seo ar chódú, smaointeoireacht ríomhaireachtúil agus eolaíocht ríomhaireachta i measc daltaí ardranga; ag forbairt a gcuid scileanna don 21ú haois. Tugann sé deis do dhaltaí meon criticiúil a shaothrú agus nua-theicneolaíocht sa domhan mórthimpeall orainn a cheistú agus a fhiosrú.

Is comhthionscnamh é an tionscadal WEAVE idir OCBÁC, SETU, Ollscoil Stáit Arizona agus Fondúireacht Eolaíochta Éireann. Agus freagrúlacht chultúrtha mar chomhthéacs dóibh agus iad i mbun iniúchta, cuirtear mar dhúshlán roimh dhaltaí i scoileanna teacht ar réiteach maidir le fadhb áitiúil atá siad tar éis a shainaithint. Bainfidh na daltaí leas as Lego WeDo 2.0 agus Fearais Bhunriachtanacha Lego Spike chun réiteach ar a bhfadhb a thógáil agus úsáidfidh siad códú i mbloic ansin chun a dtionscadail a fhíorú.

Ábhar Tacaíochta:

Suíomh idirlíne WEAVE

Cliceáil chun breathnú

Mol Códaithe agus Smaointeoireachta Ríomhaireachtúla Oide

Cliceáil chun breathnú

CNCM Códú i mBunscoileanna

Cliceáil chun breathnú
Back to Top