Cuardaigh

Ábhair foghlama ghairmiúla

Sa rannóg seo tá ábhair na foghlama gairmiúla agus na hacmhainní tacaíochta is féidir a úsáid chun cabhrú leis an bhfoghlaim ghairmiúil i OSSP.

Ceardlann EFG 2024/2025

Forléargas ar Cheardlann EFG 2024/2025:

Cabhraíonn an EFG seo le teagasc agus le foghlaim in OSSP trí dheiseanna comhoibrithe, machnaimh, forbartha acmhainní, agus pleanála a chur ar fáil, thar na trí shnáithe de shonraíocht an chúrsa. Sa chéad seisiún, iarrtar ar rannpháirtithe machnamh a dhéanamh ar acmhainní agus ar mhodheolaíochtaí chun cabhrú le ról lárnach an taighde agus an fhiosraithe sa seomra OSSP, le fócas ar leith ar fholláine agus ar litearthacht dhigiteach chriticiúil mar shlí chun cearta a bhaint amach sa daonlathas. Sa dara seisiún, iarrtar ar mhúinteoirí cur chuige maidir le Saoránacht Dhomhanda a iniúchadh, a imscrúdú agus a roinnt agus an fócas arís ar úsáid scála i sonraíocht chomhtháite. Díríonn an seisiún deiridh ar pheirspictíochtaí i dteagasc an bhonnsnáithe Cearta agus Freagrachtaí, ag agairt úsáid scála mar mhodh chun foghlaim a éascú ar fud na snáitheanna, agus bonn eolais a chur faoi ghníomhartha saoránachta.

Ceardlann EFG 2023/2024

Forléargas ar Cheardlann EFG 2023/2024:

Is é fócas an EFG seo iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi chun feabhas a chur ar rannpháirtíocht na scoláirí leis an daonlathas i seomra ranga an OSSP. Breithnítear i Seisiún 1 conas spéis agus smaointeoireacht na scoláirí a spreagadh maidir le saincheisteanna agus imeachtaí a bhaineann leis an daonlathas in Éirinn agus sa domhan mór. Déantar iniúchadh i Seisiún 2 ar straitéisí éagsúla chun cabhrú le smaointeoireacht scoláirí faoi impleachtaí an daonlathais ar a saol féin agus conas a d’fhéadfadh réimse gníomhaíochtaí ó Chomhairle na hEorpa a bheith bainteach le comhthéacs scoláirí an mhúinteora féin. Iarrtar i Seisiún 3 ar mhúinteoirí a mheabhrú conas is féidir le sonraíocht ghearrchúrsa OSSP smaointe a spreagadh maidir le gníomhartha daonlathacha scoláirí sula ndéantar iniúchadh ar an gcaoi a bhfuil machnamh ina ghné thábhachtach den Taifead Gníomhaíochta Saoránachta. 

Back to Top