Foghlaim Ghairmiúil

Misneach

Céard é Misneach? 

Is clár forbartha pearsanta agus gairmiúil dhá bhliain é Misneach do Phríomhoidí Nuacheaptha (PNCnna) arna fhorbairt ag Ceannaireacht Oide. (Ag an Rannán Ceannaireachta Oide) 

Ciallaíonn an focal Gaeilge ‘Misneach’ uchtach, spiorad agus fortacht. Féachann clár Misneach le heolas, scileanna, dearcthaí agus cáilíochtaí  a fhorbairt i measc na gceannairí scoile atá ag tosú amach, ag cur ar a gcumas freagairt go héifeachtach do na réaltachtaí a bhaineann le bainistiú agus le ceannaireacht i gcomhthéacs scoile na hÉireann. 

Cuidíonn Misneach le PNCnna an mhuinín a fhorbairt chun prionsabal a aistriú ina chleachtas agus tríd an muinín sin a fhorbairt, cuirtear chun cinn na nóisin a bhaineann le ‘do dhúshlán a bheith á thabhairt’ agus ‘a bheith ag tabhairt dúshlán daoine eile’. Trí bheith ag obair i gcomhar le chéile agus ag plé le teanga na ceannaireachta, forbraíonn na PNCnna léarscáil dá saol gairmiúil. 

Le linn chlár Misneach, beidh go leor deiseanna ag rannpháirtithe, go foirmiúil agus go neamhfhoirmiúil, eispéiris a roinnt, cur leis an gcomhghleacaíocht agus líonrú a dhéanamh le rannpháirtithe eile atá ag tús a ngairme mar cheannaire scoile. 

Tá an chomhroinnt foghlama agus eispéireas seo le piaraí, a bhíonn foireann Cheannaireachta Oide a éascú agus a chothú, foireann ina bhfuil príomhoidí le taithí, tá sí fíorluachmhar agus beidh sí ina tacaíocht phearsanta agus ghairmiúil iontach duit agus tú ag dul i gceann do róil nua. 

Ciallaíonn clárú ar chlár Misneach freisin go bhfaighidh an PNC tacaíocht fhoirmiúil mheantóireachta ó mheantóir Oide chun tacú leo  ina ról le linn a gcéad bhliana. Is í fís na meantóireachta pobal ceannairí scoile, a bhraitheann go bhfuil tacaíocht acu agus meas orthu mar ghairmithe, agus a bhíonn ag obair i scoileanna ina bhfuil meantóireacht ina cuid de chultúr na heagraíochta.

Forléargas ar an gClár

Baineann na téamaí a ndéantar iniúchadh orthu le linn chlár Misneach go díreach le próifíl na ceannaireachta. Tá an clár ailínithe freisin le gné na Ceannaireachta agus na Bainistíochta den chreat cáilíochta do bhunscoileanna (Ag Breathnú ar an Scoil Againne 2022) agus léiríonn sé an aird  a thugtar do gach ceann de na ceithre réimse: 

  • Ceannaireacht ar fhoghlaim agus ar theagasc 
  • An eagraíocht a bhainistiú 
  • Ceannaireacht ar fhorbairt na scoile
  • Acmhainn na ceannaireachta a fhorbairt 
image 22

Is féidir teacht ar fhoirm iarratais Misneachach cliceáil anseo.

Tánaiste

Tánaiste – Clár Foghlama Gairmiúla do Leas-Phríomhoidí Nuacheaptha 

Is clár forbairt ghairmiúil bliana é Tánaiste do Leas-Phríomhoidí nuacheaptha, arna éascú ag Oide, an tseirbhís tacaíochta do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile. Is clár lánmhaoinithe de chuid na Roinne Oideachais é a bhfuil sé mar aidhm aige cur le cumas ceannaireachta na Leas-Phríomhoidí nuacheaptha.  

Tá Tánaiste ag teacht go dlúth le gnéithe, fearainn agus caighdeáin Ag Breathnú ar an Scoil Againne 2022, an creat cáilíochta do Bhunscoileanna agus Scoileanna Speisialta. Is léargas ar an gcreat Ag Breathnú ar an Scoil Againne na príomhtheachtaireachtaí a thugtar ar fud chlár Tánaiste lena n-áirítear: 

  • an tábhacht straitéiseach a bhaineann le ról an Leas-Phríomhoide i dtaca le cúrsaí  ceannaireachta,bainistíochta agus  riaracháin na scoile 
  • an chomhpháirtíocht idir Príomhoidí agus Leas-Phríomhoidí arb iad a comharthaí sóirt cinnteoireacht chomhoibríoch agus freagracht chomhchoiteann 
  • is é atá i gceist le Ceannaireacht dháilte caidreamh a thógáil agus a chothabháil, cultúr cumhachtaithe, fís chomhroinnte, úinéireacht chomhroinnte ar an bhfís agus ar an bhfreagracht sin 
  • bíonn ceannaireacht éifeachtach á treorú i gcónaí ag croí-lár obair na scoile foghlaim agus teagasc 
  • is é atá i gceist le forbairt ghairmiúil sealbhú leanúnach eolais, cultúr féinmhachnaimh agus comhoibriú gairmiúil a chur chun cinn 
  • tá ról lárnach ag Leas-Phríomhoidí i leith chultúr an athraithe a threorú.  

Trína éascú, tacaíonn Tánaiste le rannpháirtithe agus tugann sé a ndúshlán tríd an eolas, na scileanna agus na dearcthaí riachtanacha a fhorbairt chun bunscoileanna na hÉireann a threorú agus a bhainistiú. Déantar iniúchadh ar théamaí ábhartha ceannaireachta agus bainistíochta agus  cuirtear deiseanna luachmhara ar fáil chun eispéiris a roinnt, plé agus machnamh a dhéanamh ar chúrsaí teoirice agus iniúchadh ar pheirspictíochtaí éagsúla a éascú. Tugtar deis do rannpháirtithe athdhearbhú a fháil agus ábhair imní a roinnt le Leas-Phríomhoidí nuacheaptha eile. 

Cuireann clár Tánaiste deiseanna ar fáil freisin, trí dhá sheisiún tráthnóna ar líne, don Leas-Phríomhoide agus don Phríomhoide teacht le chéile chun cur chuige ceannaireachta comhroinnte a thógáil agus a fhorbairt dá scoil.  

Cuirtear inbhuanaitheacht ghairmiúil i ról an Leas-Phríomhoide chun cinn ar fud chlár Tánaiste. 

image 20

Is féidir teacht ar fhoirm iarrataisTánaisteach cliceáil anseo.

Comhar

Forléargas

Is clár lánmhaoinithe de chuid na Roinne Oideachais é Comhar do mheáncheannairí agus déantar iniúchadh ann ar théamaí ceannaireachta amhail fís, cultúr, ról, ceannaireacht foghlama agus teagaisc, athrú, cumarsáid, coimhlint agus inbhuanaitheacht. Baintear úsáid as an gcreat cáilíochta Ag Breathnú ar an Scoil Againne 2022 ar fud an chláir chun teagasc, foghlaim agus ceannaireacht ar ardchaighdeán a fhiosrú. Tugann Comhar deis do Phríomhoidí Cúnta nuacheaptha éilimh a bhreithniú i gcomhthéacs na ndúshlán reatha agus cabhraíonn sé le ceannairí scoile scileanna, eolas agus dearcthaí a fhorbairt trí mhachnamh a dhéanamh ar chleachtas, idirphlé agus tionscnaimh scoile.

Is féidir teagmháil a dhéanamh freisin le linda.hogan@oide.ie chun tuilleadh eolais a fháil. 

Imlíne an Chláir

image 24

Ceisteanna Coitianta

Cé atá incháilithe don chlár seo?

Tá an clár seo dírithe ar Phríomhoidí Cúnta ó earnáil na bunscoile agus na hiar-bhunscoile a ceapadh le déanaí.

Cad é a tharlaíonn má cheaptar mé tar éis an 1 Meán Fómhair?

Más ceapaí déanach thú, déan teagmháil le linda.hogan@oide.ie chun eolas a fháil.

An gcaithfidh mé íoc as Comhar?

Ní chaithfidh, tá Comhar á mhaoiniú ag an Roinn Oideachais.

Forbairt

An Clár Forbairt

Tugann an clár bliana seo deis d’fhoirne ceannaireachta scoile machnamh agus feabhsú a dhéanamh ar na modhanna a bhíonn siad ag obair le chéile. 

Spreagann an clár rannpháirtithe machnamh domhain a dhéanamh ar a gcleachtas gairmiúil reatha, ina n-aonar agus rud tábhachtach mar bhall d’fhoireann cheannaireachta scoile. Baintear é sin amach trí iniúchadh a dhéanamh ar theoiric na ceannaireachta, mar a bhaineann sí le riachtanais reatha na Roinne Oideachais do scoileanna. 

Is clár cumaisc é clár Forbairt ina mbíonn rannpháirtíocht i roinnt próisis foghlama lena n-áirítear eispéiris foghlama ghairmiúla chomhoibríocha ar líne agus duine le duine, pobail chleachtais foghlaim ghníomhaíochta in gcuideachta scoileanna eile agus rannpháirtíocht le taighde ábhartha.   

Mar chuid den chlár, spreagtar agus tacaítear le foirne sinsearacha ceannaireachta gné dá gcuid oibre reatha ina scoileanna a mheas mar spreagadh sainchuspóireach d’fhoghlaim cheannaireachta chomhoibríoch, chun feabhsuithe inbhuanaithe ar chleachtais cheannaireachta a chumasú. 

Forléargas ar an gClár

Déantar iniúchadh ar an ábhar seo a leanas le linn chlár Forbairt: 

image 23

Osclófar iarratais dár gclár 2024-26 go luath le nasc ar an leathanach seo.

Féin-Mheastóireacht Scoile

Féin-Mheastóireacht Scoile – FMS

Is próiseas tábhachtach é an fhéinmheastóireacht scoile (FMS) atá deartha mar phróiseas athbhreithnithe, comhoibríoch, inmheánach scoile. Tá sé dírithe go hiomlán ar fheabhsú scoile.

Tá an t-athbhreithniú bunaithe ar fhianaise agus ar shonraí ábharatha iontaofa a chuireann peirspeictíochtaí na rannpháirtithe leasmhara pobal na scoile in iúl maidir le heispéiris foghlama na bpáistí agus ar fhianaise ar chonas atá ag éirí leis na leanaí ina gcuid foghlama.

Tá FMS bunaithe ar anailís mhachnamhach ar a bhfuil ag obair go maith i scoil agus ar a bhfuil le feabhsú.

  • Cé chomh maith agus atá ag éirí linn?
  • Conas a bhfuil a fhios againn?  
  • Cad iad na láidreachtaí atá againn?
  • Conas is féidir linn tógáil ar ár láidreachtaí?  
  • Cad iad na réimsí atá le feabhsú againn?  Conas is féidir linn feabhsú?  

Leagtar amach sa léaráid thíos próiseas sé chéim FMS atá in úsáid ag scoileanna. Is féidir le scoil an creat seo a úsáid go solúbtha i bhfianaise a fócas ar leith a bhaineann go sonrach le comhthéacs nó le FMS náisiúnta. 

FMS Se Ceim Gaeilge

Cuidíonn an tSeirbhís Tacaíochta ó Oide le múinteoirí agus le ceannairí scoile trí sheimineáir agus cuairteanna tacaíochta scoile a sholáthar. Spregtar múinteoirí agus ceannairí i gcomhráití gairmiúla ar cén fáth? Céard é? agus Conas a bhaintear feabhsú scoile amach le FMS? 

Tugtar treoir sainiúil don scoileanna ar chonas an próiseas sé chéim a úsáid mar mhodh oibre chun na riachtanais atá ann ina gcómhthéacanna scoile féin a aithint, na gníomhartha a theastaíonn chun freastal a dhéanamh ar na riachtanais sin agus breithniú ar an gcaoi a ndéanfaidh scoileanna monatóireacht ar a ngníomhartha chun tiochar a mheas. 

Sannfar Ceannaire Foghlaim Gairmiúla Oide tacaíocht shaincheaptha a chur ar fáil don scoil thar thréimhse ama. Tá an cineál tacaíochta seo dírithe go hiomlán ar riachtanais na scoile agus cuirfear treoir a fháil d’fhoireann na scoile agus iad ag obair i dtreo spriocanna comhoibríocha uilescoile a bhaint amach.  

Osclófar iarratais ar ár dtacaíocht FMS 2024-25 go luath le nasc ar an leathanach seo.

Comhionannas Deiseanna sna Scoileanna a Sheachadadh (DEIS) – Ag teacht go luath

Tacaíocht Bunscoile DEIS 

Is í fís Phlean DEIS 2017 “an tOideachas a bheith ina chonair chruthaithe chuig deiseanna níos fearr dóibh siúd as pobail atá i mbaol míbhuntáiste agus eisiamh sóisialta ” (Lch. 6) 

Cuireann Oide sraith tacaí ar fáil do mhúinteoirí agus do cheannairí i scoileanna DEIS maidir le pleanáil ghníomhaíochta DEIS le haghaidh feabhsúcháin. Cuireann an tacaíocht seo ar chumas scoileanna próiseas comhoibríoch don scoil uile a stiúradh, chun freastal ar riachtanais éagsúla agus shaincheaptha comhthéacs a scoile féin 

Tacaí Oide do scoileanna DEIS: 

Seimineáir DEIS: (ar fáil do Phríomhoidí agus do Phríomhoidí Tánaisteacha nuacheaptha i scoileanna DEIS agus do cheannairí i scoileanna a bhfuil stádas nua-shannta DEIS acu ó 2022) 

Cuireann Oide sraith de thrí sheimineár ar fáil (1 cheann ar líne agus 2 cheann rannpháirtíocht aghaidh le haghaidh) a chabhraíonn le ceannairí scoile iniúchadh a dhéanamh ar:

  • príomhtheachtaireachtaí DEIS agus próiseas Phleanáil Ghníomhaíochta DEIS
  • breithnithe do scoileanna agus iad ag dul i ngleic le pleanáil ghníomhaíochta le haghaidh feabhsúcháin ar fud théamaí DEIS 
  • an próiseas FMS sé chéim a úsáid chun plean láidir DEIS a fhorbairt atá freagrúil do riachtanais na scoláirí 
  • príomhdhoiciméid agus taighde a chuireann bonn eolais agus taca faoi rannpháirtíocht scoile le pleanáil ghníomhaíochta DEIS le haghaidh feabhsúcháin 

Seimineáir DEIS: (ar fáil do cheannairí i scoileanna a bhfuil stádas nua shannta DEIS  acu ó 2017) 

Cuireann Oide seimineár ar líne ar fáil do cheannairí i scoileanna a bhfuil níos mó taithí acu ar DEIS chun tacú lena bhforbairt leanúnach i bPróiseas Pleanála Gníomhaíochta DEIS. 

Tacaíocht Scoile do Scoileanna DEIS: (ar fáil do gach scoil DEIS) 

Tá tacaíocht scoile comhthéacsaithe le linn/tar éis am scoile ar fáil i bpleanáil ghníomhaíochta DEIS.  

Is féidir le Ceannaire Foghlaim Ghairmiúil (CFG) de chuid Oide oibriú le do scoil ar roinnt bealaí 

  • Ag obair leis an bhfoireann ar fad 
  • Ag obair le grúpaí múinteoirí  
  • Ag obair le ceannairí scoile (Príomhoidí, Leas-Phríomhoidí, Príomhoidí Cúnta) 

Is féidir le CFGnna tacaíocht leanúnach scoile a thairiscint freisin chun freastal ar riachtanais éagsúla agus shaincheaptha na scoile. Cuirtear an tacaíocht seo ar fáil thar thréimhse ama, mar chuid de phróiseas atá pleanáilte d’aon ghnó ina bhfuil an fhoireann ag obair le chéile i dtreo spriocanna soiléire a shainítear ar bhonn comhoibríoch. Tá an tsamhail seo oiriúnach go háirithe do Phleanáil Ghníomhaíochta DEIS ina n-úsáideann scoileanna fianaise chun réimsí tosaíochta a shainaithint agus spriocanna agus gníomhartha a leagan síos le haghaidh feabhsúcháin trí mheán théamaí DEIS.  

Osclófar iarratais ar ár dTacaíocht DEIS 2024/2025 go luath le nasc ar an leathanach seo.

  

Back to Top