Ábhair foghlama ghairmiúla

Sa rannóg seo tá ábhair agus acmhainní don fhoghlaim ghairmiúil a chabhróidh tuilleadh le foghlaim ghairmiúil comhghleacaithe ag leibhéal na scoile, agus leis na múinteoirí sin atá nua nó atá ag filleadh ar Innealtóireacht na Sraithe Sóisearaí.

EFG na hInnealtóireachta 2023/24

Cur i láthair Cumhachtphointe:

Is comhad PDF é an doiciméad seo a leanas den chur i láthair a tugadh ar lá EFG na hInnealtóireachta 2023/24. Treoróidh an doiciméad thú trí ghníomhaíochtaí agus struchtúr an lae, ag dul ó ghníomhaíocht amháin go dtí an chéad ghníomhaíocht eile ar bhealach loighciúil, comhleanúnach.

Úsáidtear ábhar físe i rith an lae. Nuair a thiocfaidh tú ar shleamhnán ionadchoinneálaí le haghaidh físeáin, cliceáil ar an gcnaipe seinnte gorm, nó ar íomhá an fhíseáin agus tabharfar tú chuig an bhfíseán ar chainéal YouTube Oide. Tá na físeáin mar chuid de sheinnliosta ar féidir teacht orthu ó nasc níos faide ar aghaidh ar an leathanach seo.

Is féidir teacht ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.

Ábhar físe EFG 2023/24:

Leabhrán Foghlama Gairmiúla:

Fillteán Acmhainní Comhroinnte:

Le linn an EFG, roinneadh roinnt acmhainní le múinteoirí. Iad seo ina measc:
Na líníochtaí agus comhaid léasair a chun carr seachanta imbhuailte a chruthú
Na líníochtaí agus pleananna don chairt stóras
Na comhaid léasair uile is gá chun acmhainn na ngeataí loighce agus an seastán tacaíochta a chruthú
Acmhainn ghearrtha léasair chun múinteoirí a threorú maidir le socruithe cumhachta agus luais dá léasar
Póstaer do Thorthaí Foghlama Innealtóireachta na Sraithe Sóisearaí
Bileoga phleanála i bhformáid PDF atá inchurtha in eagar (Cumhachtphointe)

Is féidir teacht ar fhillteán na n-acmhainní comhroinnte trí chliceáil ar an íomhá thíos:

shared folder Engineering

Subtitle for This Block

Title for This Block

Click here to access the shared resources folder

Back to Top