IAR-BHUNSCOIL
Amharc-Ealaín / Ealaíon
- Home
- Iar-bhunscoil
- Amharc-Ealaín / Ealaíon
De réir a nádúir, is í Ealaín an teanga a úsáidimid a thugann foirm dár smaointe.
(Sonraíocht Ealaíne na hArdteistiméireachta 2019 )
Tugtar raon leathan eolais, scileanna agus luachanna don fhoghlaimeoir a dhéanann staidéar ar an Ealaín toisc go bhfaigheann sé taithí ar réimse leathan smaointe, cleachtas agus meán. Tugann an Ealaín deis don fhoghlaimeoir go leor scileanna atá coincheapúil agus praiticiúil a fhorbairt. Spreagann sí smaointeoireacht chruthaitheach agus chriticiúil, tacaíonn sí le scileanna fadhbréitigh a fhorbairt, agus neartaíonn sí inniúlacht an fhoghlaimeora smaointe a chur in iúl trína obair féin don lucht féachana beartaithe. Spreagann sé sin é le meas a fhorbairt dá chomhfhoghlaimeoirí agus don phobal níos leithne; le níos mó comhbhá a bheith aige le daoine eile. Ach foghlaim leis féin a chur in iúl, déanann an foghlaimeoir naisc ina chuid foghlama… (Sonraíocht Ealaíne na hArdteistiméireachta, 2019 l. 6)