Acmhainní


Sa chuid seo tá na hábhair foghlama gairmiúla agus na hacmhainní tacaíochta is féidir a úsáid chun tacú le forbairt ghairmiúil duine aonair agus scoile san Fhisic

Conair Foghlama Fisice Scoilnet

Forbhreathnú

Is é Scoilnet tairseach oifigiúil na Roinne Oideachais d’oideachas na hÉireann. Seoladh an suíomh Gréasáin ar dtús i 1998, agus tá an suíomh Gréasáin á bhainistiú ag Oide Technology in Education thar ceann RO. Comhoibríonn Scoilnet le múinteoirí atá ag cleachtadh chun an t-ábhar ar an suíomh Gréasáin a chothabháil agus a bhainistiú. Níl an acmhainn seo ar fáil i nGaeilge faoi láthair.

Banc Acmhainní Fisice

Forbhreathnú

Is suíomh Gréasáin é seo atá á chothabháil ag múinteoirí Fisice a bhfuil sé mar aidhm acu acmhainní agus naisc suimiúla a roinnt ar an suíomh Gréasáin seo. Níl an acmhainn seo ar fáil i nGaeilge faoi láthair.

Back to Top