Liosta litríochta leasuithe don chéad bhliain (T1 agus T2) le cur i bhfeidhm ó Mheán Fómhair 2025 ar aghaidh
Tá Liosta litríochta leasuithe don chéad bhliain (T1 agus T2) le cur i bhfeidhm ó Mheán Fómhair 2025 ar aghaidh eisithe ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM). Tá tuilleadh eolais ar fáil ag an nasc: https://tinyurl.com/ytr98wbh
Ábhar dualgais don Ghaeilge sa tSraith Shóisearach do chohóirt scoláirí a théann faoin Scrúdú Deiridh in 2027, 2028, agus 2029
Tá Ciorclán 0086/2024 eisithe ag An Roinn Oideachais faoi leasuithe ar ábhar dualgais don dara agus don tríú bliain de Shonraíocht Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí: Scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge (T1) (2023) agus Sonraíocht Ghaeilge na
Sraithe Sóisearaí: Scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla (T2) (2023). Tá an ciorclán ar fáil ANSEO
Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta
Déanann Foireann Gaeilge, Iar-bhunleibhéal, Oide, comhghairdeas leis na h-iar-bhunscoileanna Gaeltachta ar fad a bhain aitheantas amach faoin Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. Tá sár-obair curtha i gcrích agaibh maidir leis an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta, ag tacú le forbairt na Gaeilge agus le caomhnú chultúr saibhir na Gaeltachta.
Tionól Teagaisc 2024-2025
Dáta: Dé Sathairn 9 Samhain 2024
Am: 09:30-15:00
Ionad: Óstán Killeshin, Port Laoise, Co. Laoise, R32 TYW7
Ní fada uainn féile na foghlama do mhúinteoirí Gaeilge! Is cúis áthais dúinn an Tionól Teagaisc a reáchtáil chun gnéithe de theagasc agus d’fhoghlaim na Gaeilge a phlé. Gabhaimid buíochas leis na múinteoirí ar fad atá cláraithe cheana féin- táimid ag súil le casadh libh! Soláthrófar sé cheardlann déag ar an Satharn seo ag Tionól Teagaisc 2024/25 as a mbeidh múinteoirí ag roghnú ceithre cinn. Tá cóip den chlár san íomhá thíos. Léiríonn éagsúlacht na gceardlann réimse na foghlama agus an teagaisc a tharlaíonn sna seomraí ranga Gaeilge. Cuirfear lón ar fáil don lucht freastail agus tabharfar mála féiríní dóibh chomh maith! Muna bhfuil tú cláraithe don ócáid seo tapaigh an deis anois, beidh an clárú ag dúnadh ar an Déardaoin agus níl ach méid áirithe málaí féiríní againn. Cláraigh anseo: https://tinyurl.com/TT20242025
Tionól Teagaisc 2024-2025: Satharn, 9 Samhain, 2024 in Óstán Killeshin, Port Laoise, Co. Laoise, R32 TYW7.
Téacs: Is cúis áthais d’Fhoireann Ghaeilge Oide go reáchtálfar an Tionól Teagaisc 2024 ar an Satharn, 9 Samhain, 2024 in Óstán Killeshin, Port Laoise, Co. Laoise, R32 TYW7. Is í aidhm na hócáide ná deiseanna a sholáthar do mhúinteoirí chun gnéithe de theagasc agus d’fhoghlaim na Gaeilge a phlé!
I measc na n-imeachtaí a bheidh ann ar an lá ná, múinteoirí ag roinnt cleachtais agus straitéisí praiticiúla, cainteanna ó aíonna, seastáin éagsúla agus ceardlanna idirghníomhacha ina mbeidh an fhoghlaim lárnach. Cuirfear lón ar fáil don lucht freastail agus tabharfar mála féiríní dóibh chomh maith! Ba bhreá leis an bhfoireann tú a bheith ina teannta ar an lá agus más maith leat dul ann, is féidir clárú don ócáid ag an nasc seo: https://tinyurl.com/TT20242025
Socruithe Measúnachta do na Scrúduithe Teastais 2025
Foilsíodh Socruithe Measúnachta do na Scrúduithe Teastais 2025. Leagtar amach sa doiciméad seo nuashonraithe seo na socruithe measúnachta leasaithe do scoláirí iar-bhunscoile a dhéanfaidh scrúduithe teastais sa scoilbhliain 2024/25. Thángthas ar na hoiriúnuithe, atá cosúil leis cinn a rinneadh do na scoláirí a rinne scrúdaithe in 2024, trí phlé idir an Roinn Oideachais (RO), Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS), an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) agus croípháirtithe leasmhara.
Lean an nasc do bhreis eolas: https://www.gov.ie/pdf/?file=https://assets.gov.ie/305305/de74bca4-0719-4cfe-b756-e1b28fec6171.pdf
Socruithe athbhreithnithe maidir le Measúnuithe Rangbhunaithe a chur i gcrích
Tá na socruithe athbhreithnithe chun Measúnuithe Rangbhunaithe a chur i gcrích le haghaidh scoláirí sa tríú bliain agus sa dara bliain in 2024/2025 ar fáil anseo.
Sraith Tuarascálacha maidir le Polasaí Oideachais Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht
Tá sraith tuarascálacha foilsithe ag an Roinn Oideachais, ullmhaithe ag Sealbhú, an lárionad taighde in DCU, a bheidh mar bhonn eolais d’fhorbairt an pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá gach eolas ina leith ag an nasc seo https://tinyurl.com/nab7vjnk
Liostaí Litríochta na Sraithe Sóisearaí
Tá eolas luachmhar anseo faoi liostaí litríochta na Sraithe Sóisearaí. Más maith leat téacs a mholadh do chomhthéacs T1 tá nasc anseo https://tinyurl.com/mscnemm9 & más mian leat téacs a mholadh do chomhthéacs T2, tá an nasc cuí anseo https://tinyurl.com/5efjddn8
Uasdátuithe maidir le cur chun feidhme na Sraithe Sóisearaí
Nóta Faisnéise: Uasdátuithe maidir le cur chun feidhme na Sraithe Sóisearaí le tagairt ar leith don scoilbhliain 2024/25. Tá gach eolas ina leith ag an nasc seo https://gov.ie/pdf/?file=https://assets.gov.ie/294383/c99cb113-4d28-4e76-9795-859c4b8dfd42.pdf#page=null
Chuig: Príomhoidí agus Boird Bhainistíochta na Scoileanna Dara Leibhéal agus na Scoileanna Speisialta, agus Príomhfheidhmeannaigh na mBord Oideachais agus Oiliúna Ábhar atá Leagtha Síos do Scrúdú na hArdteistiméireachta sa bhliain 2026.
Is mian leis an Roinn Oideachais
(a) a chur in iúl d’údaráis bhainistíochta scoileanna dara leibhéal gur ar an liosta atá an t-ábhar ata leagtha síos do Scrúdú na hArdteistiméireachta sa bhliain 2026
(b) a iarraidh ar údaráis bhainistíachta dóthain réamhfhógra faoi na téacsanna seo a thabhairt do scoláirí roimh thús na scoilbhliana atá i gceist.
Imlitir: 0026/2024 Ábhar atá Leagtha Síos do Scrúdú na hArdteistiméireachta sa bhliain 2026