Ullmhúchán don Teagasc agus don Fhoghlaim

Tá réimse leathan tacaíochtaí ar fáil sa rannán seo, a bheadh cabhrach do mhúinteoirí agus iad ag déanamh machnamh ar ullmhúchán don teagasc agus don fhoghlaim.

Teimpléidí Idirghníomhach d’Aonad Foghlama

Idirghníomhach – Teimpléad Samplach d’Aonad Foghlama

Tá roghchláir anuas sa teimpléad idirghníomhach seo a fhágann gurb éasca é a líonadh isteach. Is féidir Torthaí Foghlama a roghnú thar na 3 shnáithe agus  is féidir Briathra Gnímh  ábhartha a roghnú ó na torthaí foghlama sin. Úsáid na boscaí “Cliceáil Anseo” chun faisnéis a ionchur i ngach rannán de d’Aonad Foghlama.

Le hAghaidh PriontálaTeimpléad Samplach d’Aonad Foghlama

Is féidir an teimpléad seo a phriontáil chun Aonad Foghlama a phleanáil i gcomhar le do Roinn Tíreolaíochta.

Athbhreithniú ar Phleanáil Tíreolaíochta na Sraithe Sóisearaí

Teimpléad Pleanála Athbhreithnithe na Sraithe Sóisearaí

Cabhróidh an teimpléad Pleanála Excel seo leat athbhreithniú a dhéanamh ar do phleanáil do na 3 bliana de Thíreolaíocht na Sraithe Sóisearaí.

Cuimsíonn an teimpléad rannóg don Chéad Bhliain, an Dara Bliain agus an Tríú Bliain chomh maith le roghchláir anuas chun na Torthaí Foghlama a ionchur.

Chabhródh an teimpléad seo le ranna tíreolaíochta Aonaid Foghlama a phleanáil go comhoibríoch thar na 3 bliana de Thíreolaíocht na Sraithe Sóisearaí.

Back to Top