Acmhainní

Sa rannán seo tá na hábhair foghlama gairmiúla ann chomh maith leis na hacmhainní tacaíochta is féidir a úsáid chun tacú le forbairt ghairmiúil an mhúinteora agus le forbairt ghairmiúil na scoile ar gach réimse den oideachas eolaíochta

Déanaimid Comhrá san Eolaíocht

Forbhreathnú:

Uirlis chumhachtach is e caint agus comhrá chun tacú le teagasc agus foghlaim sa seomra ranga bunscoile. Forbraíodh an creat ‘Déanfaimid comhrá’ chun tacú le múinteoirí smaointeoireacht a ndaltaí a chur chun cinn tríd an comhrá agus an phlé.

Imscrúdú Eolaíochta

Forbhreathnú:

Treisíonn oideachas eolaíochta eolas agus tuiscint na bpáistí orthu féin agus ar an domhan ina maireann siad. Tugann sé ar na páistí bheith gníomhach i dtógáil a dtuisceana féin. Athraíonn an tuiscint seo de réir mar a thagann forbairt ar eispéireas na bpáistí. Cur chuige eolaíoch i leith imscrúduithe, cothaíonn sé forbairt scileanna, coincheap agus eolais—rudaí a bhfuil tábhacht leo agus trínar féidir le páistí dúile beo agus a n-imshaoil, ábhair, fórsaí, eachtraí agus fadhbanna coitianta a bhreathnú, a cheistiú, a imscrúdú agus a thuiscint agus smaoineamh orthu go loighciúil. Is féidir an t-eolas agus na scileanna a ghnóthaítear a chur i bhfeidhm i ngníomhaíochtaí deartha agus déanta, gníomhaíochtaí inar léir do na páistí an gá le gnéithe dá n-imshaoil a chruthú nó a mhodhnú. (NCCA 1999)

Back to Top