Ábhair Foghlama Gairmiúla

Sa rannóg seo tiocfaidh tú ar na hábhair foghlama gairmiúla agus na tacaí ábhartha is féidir a úsáid chun tacú le forbairt ghairmiúil aonair agus faoi stiúir scoile i ngach réimse d’fhoglaim an cheoil.

Eispéiris um Fhoghlaim Ghairmiúil 2023/2024

Achoimre ar na hEispéiris um Fhoghlaim Ghairmiúil 2023/2024

Díríonn Nádúr Comhtháite Fhoghlaim an Cheoil ar an gcaoi a bhfuil an t-eolas agus na scileanna a bhaineann le hÉisteacht, Cumadóireacht agus Taibhiú fite fuaite lena chéile, ag tacú lena chéile agus ag brath ar a chéile. Ceistíonn an t-eispéireas foghlama gairmiúil seo…

  • conas a nascann an t-eolas seo agus na scileanna seo ar feadh leanúntas an oideachais cheoil ón mbunscoil go dtí an tsraith shóisearach agus ar aghaidh go dtí an tsraith shinsearach
  • Straitéisí Oideolaíocha chun tacú le scileanna éisteachta, cumadóireachta agus taibhithe
  • straitéis fhéideartha chun Critéir Ratha a Chomhchruthú le scoláirí
  • an próiseas Forbartha seachas Cleachtaidh chun scoláirí a mhealladh agus iad ag cumadh
  • Tobchumadh mar uirlis chomhtháite don fhoghlaim
  • Teanga na Foghlama agus iad ag gabháil don phróiseas praiticiúil
  • conas a chumasaíonn nádúr comhtháite fhoghlaim an cheoil forbairt an cheoltóra ina iomláine

Tacaí

Cur i Láthair agus Leabhrán   Oibríonn an cur i láthair agus an Leabhrán PDF i gcomhar chun tú a threorú tríd an eispéireas foghlama gairmiúil seo

Tréimhsí Stairiúla Ceoil Cabhróidh an tacaíocht seo leat agus tú ag plé le staidéar ar thréimhsí agus ar stíl. Tá 7 mír ann, rud a thugann solúbthacht duit maidir leis an gcaoi a bhféadfaí é a thaispeáint i do sheomra ranga agus an gcaoi a bhféadfaí é a úsáid go gníomhach mar scafláil nó spreagadh chun foghlama

Cruthaímis Beidh an tacaíocht seo ina scafláil ag foghlaim na scoláirí agus iad ag gabháil don phróiseas cruthaitheach i gcomhar le chéile nó ina n-aonar. Tá 52 cárta ann, bunaithe ar 52 coincheap foghlama sa Cheol. Tá treoir céim ar chéim agus spreagadh fuaime nó amhairc le haghaidh gníomhaíochtaí foghlama forbartha ar gach cárta

Scóir Ensemble Seomra Ranga Sa taca seo tá dhá phíosa le Bach agus le Mozart cóirithe ag Foireann Ceoil Oide. Is féidir iad a úsáid agus a chur in oiriúnt chun scoláirí a mhealladh i léirithe praiticiúla grúpa, i gcleachtaí éisteachta agus/nó i ngníomhaíochtaí cumadóireachta

EFG 2023-2024 Padlet

Cliceáil chun breathnú
PPMTA Comhdháil Náisiúnta Bhliantúil 2023
Feic an méid a Chloiseann tú, Clois an méid a Fheiceann tú
Seisiúin an Earraigh 2024 – Ceol Gaelach don Oide Ceoil 5 Márta 2024

Back to Top