Nuacht agus Uasdátuithe

Tionól Teagaisc 2024-2025: Satharn, 9 Samhain, 2024 in Óstán Killeshin, Port Laoise, Co. Laoise, R32 TYW7.

Is cúis áthais d’Fhoireann Ghaeilge Oide go reáchtálfar an Tionól Teagaisc 2024 ar an Satharn, 9 Samhain, 2024 in Óstán Killeshin, Port Laoise, Co. Laoise, R32 TYW7. Is í aidhm na hócáide ná deiseanna a sholáthar do mhúinteoirí chun gnéithe de theagasc agus d’fhoghlaim na Gaeilge a phlé!

I measc na n-imeachtaí a bheidh ann ar an lá ná, múinteoirí ag roinnt cleachtais agus straitéisí praiticiúla, cainteanna ó aíonna, seastáin éagsúla agus ceardlanna idirghníomhacha ina mbeidh an fhoghlaim lárnach. Cuirfear lón ar fáil don lucht freastail agus tabharfar mála féiríní dóibh chomh maith! Ba bhreá leis an bhfoireann tú a bheith ina teannta ar an lá agus más maith leat dul ann, is féidir clárú don ócáid ag an nasc seo: https://tinyurl.com/TT20242025

Socruithe Measúnachta do na Scrúduithe Teastais 2025

Foilsíodh Socruithe Measúnachta do na Scrúduithe Teastais 2025. Leagtar amach sa doiciméad seo nuashonraithe seo na socruithe measúnachta leasaithe do scoláirí iar-bhunscoile a dhéanfaidh scrúduithe teastais sa scoilbhliain 2024/25. Thángthas ar na hoiriúnuithe, atá cosúil leis cinn a rinneadh do na scoláirí a rinne scrúdaithe in 2024, trí phlé idir an Roinn Oideachais (RO), Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS), an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) agus croípháirtithe leasmhara. 

Lean an nasc do bhreis eolas: https://www.gov.ie/pdf/?file=https://assets.gov.ie/305305/de74bca4-0719-4cfe-b756-e1b28fec6171.pdf

Socruithe athbhreithnithe maidir le Measúnuithe Rangbhunaithe a chur i gcrích

Tá na socruithe athbhreithnithe chun Measúnuithe Rangbhunaithe a chur i gcrích le haghaidh scoláirí sa tríú bliain agus sa dara bliain in 2024/2025 ar fáil anseo.

Sraith Tuarascálacha maidir le Polasaí Oideachais Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht

Tá sraith tuarascálacha foilsithe ag an Roinn Oideachais, ullmhaithe ag Sealbhú, an lárionad taighde in DCU, a bheidh mar bhonn eolais d’fhorbairt an pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá gach eolas ina leith ag an nasc seo https://tinyurl.com/nab7vjnk

Liostaí Litríochta na Sraithe Sóisearaí

Tá eolas luachmhar anseo faoi liostaí litríochta na Sraithe Sóisearaí. Más maith leat téacs a mholadh do chomhthéacs T1 tá nasc anseo https://tinyurl.com/mscnemm9 agus más mian leat téacs a mholadh do chomhthéacs T2, tá an nasc cuí anseo https://tinyurl.com/5efjddn8

Uasdátuithe maidir le cur chun feidhme na Sraithe Sóisearaí

Nóta Faisnéise: Uasdátuithe maidir le cur chun feidhme na Sraithe Sóisearaí le tagairt ar leith don scoilbhliain 2024/25. Tá gach eolas ina leith ag an nasc seo https://gov.ie/pdf/?file=https://assets.gov.ie/294383/c99cb113-4d28-4e76-9795-859c4b8dfd42.pdf#page=null

Chuig: Príomhoidí agus Boird Bhainistíochta na Scoileanna Dara Leibhéal agus na Scoileanna Speisialta, agus Príomhfheidhmeannaigh na mBord Oideachais agus Oiliúna Ábhar atá Leagtha Síos do Scrúdú na hArdteistiméireachta sa bhliain 2026.

Is mian leis an Roinn Oideachais

(a) a chur in iúl d’údaráis bhainistíochta scoileanna dara leibhéal gur ar an liosta atá an t-ábhar ata leagtha síos do Scrúdú na hArdteistiméireachta sa bhliain 2026

(b) a iarraidh ar údaráis bhainistíachta dóthain réamhfhógra faoi na téacsanna seo a thabhairt do scoláirí roimh thús na scoilbhliana atá i gceist.

Imlitir: 0026/2024 Ábhar atá Leagtha Síos do Scrúdú na hArdteistiméireachta sa bhliain 2026

Latest from X —

@oide_Ireland

Back to Top