Cuardaigh

Ábhar Foghlama Gairmiúla

Sa chuid seo tá teacht ar na hábhair foghlaim ghairmiúil agus ar na hacmhainní tacaíochta is féidir a úsáid chun cabhrú leis an bhfoghlaim ghairmiúil i nGníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe na Sraithe Sinsearaí.

Ceardlann Roghnach:
Seisiún Comhoibríoch 2: Scrúdú a dhéanamh ar phríomhchoincheapa agus téarmaíocht Ghníomhaithe ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe

Forléargas ar Sheisiún Comhoibríoch 2:

I Seisiún Comhoibríoch 2 tugadh deis do rannpháirtithe naisc ghairmiúla a chruthú le múinteoirí eile a theagascann Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe agus plé gairmiúla a bheith eatarthu maidir le cuir chuige éifeachtacha i leith chur i bhfeidhm na sonraíochta um Ghníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe ina seomraí ranga.

Tacaíonn na hacmhainní ó Sheisiún Chomhoibríoch 2 le hiniúchadh comhoibríoch ar roinnt de na phríomhchoincheapa agus den téarmaíocht a roinneann le Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe. Cabhraíonn póstaeir thacúla, Padlet comhoibríoch agus Bileog Oibre EMF le hiniúchadh a dhéanamh ar gach coincheap agus téarma a scrúdaítear.

Ábhar Tacaíochta:

Sa chuid seo faightear ábhair na foghlama gairmiúla agus na hacmhainní tacaíochta a úsáideadh le linn Sheisiún Comhoibríoch 2. Cabhróidh na hábhair agus na hacmhainní tuilleadh le foghlaim ghairmiúil comhghleacaithe ag leibhéal na scoile, agus leis na múinteoirí sin atá nua don ábhar.

Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos. Is féidir leat teacht ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.

Éascaíodh an seimineár gréasáin tacúil seo trí Bhéarla. Mar sin, níl na hábhair ghaolmhara ar fáil ach i mBéarla amháin.

Acmhainní agus Ábhar Tacaíochta:

Ceardlann Roghnach:
Seimineár Gréasáin 2: Seisiún tosaigh ar choincheapa agus ar phrionsabail Ghníomhaithe ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe

Forléargas ar Sheimineár Gréasáin 2:

Dearadh an seimineár gréasáin seo i gcomhar le Coimisiún na Scrúduithe Stáit, an CNCM agus an Roinn Oideachais chun tacú le múinteoirí dul i ngleic leis na páipéir scrúdaithe shamplacha don tSonraíocht nua um Ghníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe.

Ábhar Tacaíochta:

Cuimsíonn an rannóg seo na hábhair foghlama ghairmiúla agus na hacmhainní tacaíochta a úsáideadh le linn Sheimineár Gréasáin 2. Tacóidh na hábhair agus na hacmhainní tuilleadh le foghlaim ghairmiúil comhghleacaithe ag leibhéal na scoile, agus i measc na múinteoirí sin atá ag tosú a mhúineadh an ábhair.

Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos. Is féidir leat teacht ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.

Éascaíodh an seimineár gréasáin tacúil seo trí Bhéarla. Mar sin, níl na hábhair ghaolmhara ar fáil ach i mBéarla amháin.

Acmhainní agus Ábhar Tacaíochta:

EFG 3 & 4: Dóchas, Muintearas, Pobal

Forléargas ar EFG 3:

Déanann na hacmhainní ó Eispéireas Foghlama Gairmiúil 3 iniúchadh ar straitéisí chun cabhrú le gné mhothúchánach an teagaisc agus na foghlama i nGníomhú ar son na hAeráide agus i bhForbairt Inbhuanaithe. Déantar iniúchadh ar an gcur chuige comhtháite neamhlíneach maidir le foghlaim ar fud na snáitheanna trí bhreathnú conas a bhíonn tionchar ag seasamh sóisialta agus ag cumhacht ar chumas gníomhaithe. Tugadh deis freisin do rannpháirtithe in Eispéireas Foghlama Gairmiúil 3 tús a chur le hAonaid Foghlama a phleanáil go comhoibríoch ag úsáid an chur chuige chomhtháite neamhlínigh foghlama ar fud na snáitheanna.

Forléargas ar EFG 4:

Déanann na hacmhainní ó Eispéireas Foghlama Gairmiúil 4 iniúchadh ar chur chuige comhtháite neamhlíneach i leith na hoibre le Torthaí Foghlama i nGníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe trí lionsa Aistrithe Córa. Déantar tuilleadh scrúdaithe ar an gcur chuige comhtháite neamhlíneach ar fud na snáitheanna trí Aonaid Foghlama a dhearadh i gcomhar le chéile. Tugann Eispéireas Foghlama Gairmiúil 4 deis freisin do rannpháirtithe pleanáil go comhoibríoch le haghaidh an chéad téarma den turas foghlama do scoláirí i nGníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe.

Ábhar Tacaíochta:

Sa chuid seo faightear ábhair na foghlama gairmiúla agus na hacmhainní tacaíochta a úsáideadh le linn EFG 3 & 4. Cabhróidh na hábhair agus na hacmhainní tuilleadh le foghlaim ghairmiúil comhghleacaithe ag leibhéal na scoile, agus leis na múinteoirí sin atá nua don ábhar.

Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos. Is féidir leat teacht ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.

Acmhainní agus Ábhar Tacaíochta:

Ceardlann Roghnach:
Seisiún Comhoibríoch 1: Iniúchadh a dhéanamh ar choincheapa Ghníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe

Forléargas ar Sheisiún Comhoibríoch 1:

I Seisiún Comhoibríoch 1 tugadh deis do rannpháirtithe naisc ghairmiúla a chruthú le múinteoirí eile a theagascann Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe agus plé gairmiúil a bheith eatarthu maidir le cuir chuige éifeachtacha i leith chur i bhfeidhm na sonraíochta um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Inbhuanaithe ina seomra ranga.

Tacaíonn na hacmhainní ó Sheisiún Comhoibríoch 1 le hiniúchadh comhoibríoch ar chuid de na príomhchoincheapa agus den téarmaíocht a bhaineann le Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe. Cabhraíonn póstaeir thacúla, Padlet comhoibríoch agus Bileog Oibre EMF le hiniúchadh a dhéanamh ar gach coincheap agus téarma a scrúdaítear.

Ábhar Tacaíochta:

Sa rannóg seo tá ábhair na foghlama gairmiúla agus na hacmhainní tacaíochta a úsáideadh le linn Sheisiún Comhoibríoch 1.

Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos. Is féidir leat rochtain a fháil ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.

Acmhainní agus Ábhar Tacaíochta:

EFG 1 & 2: Intreoir do Ghníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe

Forléargas ar EFG 1:

Trí na hacmhainní ó Eispéireas Foghlama Gairmiúil 1 tugtar isteach Sonraíocht Ghníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe. Cabhraíonn siad le hiniúchadh ar chur chuige comhtháite neamhlíneach na foghlama ar fud na snáitheanna agus scrúdaíonn siad conas is féidir leis na Tascanna Foghlama Feidhmeacha cur ar chumas an scoláire dul i ngleic go comhoibríoch le croíchoincheapa i nGníomhú ar son na hAeráide & Forbairt Inbhuanaithe i gcásanna barántúla.

Forléargas ar EFG 2:

Déanann na hacmhainní ó Eispéireas Foghlama Gairmiúil 2 iniúchadh ar chur chuige comhtháite neamhlíneach i leith na hoibre le Torthaí Foghlama i nGníomhú ar son na hAeráide & Forbairt Inbhuanaithe. Déantar scrúdú breise ar an gcur chuige comhtháite neamhlíneach ar fud na snáitheanna trí dhearadh comhoibríoch eispéiris foghlaimeora a chabhraíonn le gach foghlaimeoir i Seomra Ghníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe. Tugtar isteach an chomhpháirt mheasúnaithe bhreise den tionscadal Gníomhaíochta mar chuid de EFG 2 freisin.

Ábhar Tacaíochta:

Sa chuid seo faightear ábhair na foghlama gairmiúla agus na hacmhainní tacaíochta a úsáideadh le linn EFG 1 & 2. Cabhróidh na hábhair agus na hacmhainní tuilleadh le foghlaim ghairmiúil comhghleacaithe ag leibhéal na scoile, agus leis na múinteoirí sin atá nua don ábhar.

Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos. Is féidir leat teacht ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.

Acmhainní agus Ábhar Tacaíochta:

Ceardlann Roghnach: Seimineár Gréasáin 1: Coincheapa agus prionsabail Ghníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe a thabhairt isteach

Forléargas ar Seimineár Gréasáin 1:

Sna hacmhainní ó Sheimineár Gréasáin 1 tugadh buneolas ar choincheapa agus ar phrionsabail na Sonraíochta um Ghníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe agus tugadh deis do rannpháirtithe dul i ngleic i gcomhar le chéile leis an tsonraíocht um Ghníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe.

Ábhar Tacaíochta:

Sa rannóg seo tá ábhair na foghlama gairmiúla agus na hacmhainní tacaíochta a úsáideadh le linn Sheimineár Gréasáin 1.

Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos. Is féidir leat rochtain a fháil ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.

Acmhainní agus Ábhar Tacaíochta:

Seimineár Gréasáin: Bualadh agus Beannú

Forléargas ar an Seimineár Gréasáin Bualadh agus Beannú:

Thug ár Seimineár Gréasáin Bualadh agus Beannú deis dúinn intreoir a thabhairt ar an gceist Gníomhú ar son na hAeráide & Forbairt Inbhuanaithe, breac-chuntas a thabhairt ar an gclár foghlaim ghairmiúil do 2024/25 agus do rannpháirtithe na scoileanna píolótacha bualadh lena chéile.

Ábhar Tacaíochta:

Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos. Is féidir leat rochtain a fháil ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.

Acmhainní agus Ábhar Tacaíochta:

Back to Top