Ábhair foghlama ghairmiúla

Sa chuid seo tá teacht ar na hábhair foghlaim ghairmiúil agus ar na hacmhainní tacaíochta is féidir a úsáid chun cabhrú leis an bhfoghlaim ghairmiúil i dTíreolaíocht na Sraithe Sinsearaí.

Seimineár Gréasáin: ‘Malairt Foghlama a Úsáid’

Malairt Foghlama a úsáid mar Shamhail chun cabhrú le rannpháirtíocht ghníomhach scoláirí sa seomra Tíreolaíochta

Forléargas ar an Seimineár Gréasáin:

Sa cheardlann seo, scrúdaíodh coincheap na Malairte Foghlama, samhail foghlaim chumaisc, ina gcuirtear coincheapa nó inneachar nua (físeáin/podchraoltaí/téacs) os comhair scoláirí sa bhaile agus ina gcuirtear am an tseomra ranga ar fáil chun deis a thabhairt do scoláirí a dtuiscint a chleachtadh agus a chur i bhfeidhm trí phlé, díospóireacht agus gníomhaíochtaí struchtúrtha faoi stiúir an mhúinteora nó faoi stiúir piaraí.

Éascaíodh an seimineár gréasáin tacúil seo trí Bhéarla. Mar sin, níl na hábhair ghaolmhara ar fáil ach i mBéarla amháin.

Ábhar Tacaíochta:

Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos. Is féidir teacht ar an ábhar seo ar líne.

Ceardlann: Imscrúdú Tíreolaíochta

Imscrúdú Tíreolaíochta de Shruthán an Loig Dhuibh, Gleann Dá Loch.

Forléargas ar an gCeardlann:

Sa cheardlann seo tugadh deis do mhúinteoirí Tíreolaíochta tuiscint a fháil ar thábhacht an Imscrúdaithe Tíreolaíochta i ndobharthimpeallacht, ag déanamh naisc phraiticiúla idir aibhneacha, an timpeallacht fhisiciúil agus inaistritheacht scileanna chuig réimsí eile i gcuraclam na sraithe sinsearaí.

Is trí Bhéarla a éascaíodh an cheardlann tacaíochta seo. Mar sin, níl na hábhair ghaolmhara ar fáil ach i mBéarla amháin.

Ábhar Tacaíochta:

Tá ábhair thacúla sa ScéalMhapa seo ar gach céim de phróiseas an Imscrúdaithe Thíreolaíochta. Tá naisc ann freisin le hacmhainní tacaíochta éagsúla agus le léarscáileanna idirghníomhacha ar féidir le scoláirí iad a úsáid chun scrúdú a dhéanamh ar aon suíomh oiriúnach mar chuid den ullmhúchán d’Imscrúdú Tíreolaíochta.

Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos. Is féidir teacht ar an ábhar seo ar líne.

Back to Top