Cuardaigh

Ábhair Foghlama Gairmiúla

Sa chuid seo tá teacht ar na hábhair foghlaim ghairmiúil agus ar na hacmhainní tacaíochta is féidir a úsáid chun cabhrú leis an bhfoghlaim ghairmiúil i nGníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe na Sraithe Sinsearaí.

Comhoibriú 1: Iniúchadh a dhéanamh ar choincheapa Ghníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe

Forléargas ar Sheisiún Comhoibríoch 1:

I Seisiún Comhoibríoch 1 tugadh deis do rannpháirtithe naisc ghairmiúla a chruthú le múinteoirí eile a theagascann Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe agus plé gairmiúil a bheith eatarthu maidir le cuir chuige éifeachtacha i leith chur i bhfeidhm na sonraíochta um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Inbhuanaithe ina seomra ranga.

Tacaíonn na hacmhainní ó Sheisiún Comhoibríoch 1 le hiniúchadh comhoibríoch ar chuid de na príomhchoincheapa agus den téarmaíocht a bhaineann le Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe. Cabhraíonn póstaeir thacúla, Padlet comhoibríoch agus Bileog Oibre EMF le hiniúchadh a dhéanamh ar gach coincheap agus téarma a scrúdaítear.

Ábhar Tacaíochta:

Sa rannóg seo tá ábhair na foghlama gairmiúla agus na hacmhainní tacaíochta a úsáideadh le linn Sheisiún Comhoibríoch 1.

Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos. Is féidir leat rochtain a fháil ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.

Acmhainní agus Ábhar Tacaíochta:

EFG 1 & 2: Intreoir do Ghníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe

Forléargas ar EFG 1:

Trí na hacmhainní ó Eispéireas Foghlama Gairmiúil 1 tugtar isteach Sonraíocht Ghníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe. Cabhraíonn siad le hiniúchadh ar chur chuige comhtháite neamhlíneach na foghlama ar fud na snáitheanna agus scrúdaíonn siad conas is féidir leis na Tascanna Foghlama Feidhmeacha cur ar chumas an scoláire dul i ngleic go comhoibríoch le croíchoincheapa i nGníomhú ar son na hAeráide & Forbairt Inbhuanaithe i gcásanna barántúla.

Forléargas ar EFG 2:

Déanann na hacmhainní ó Eispéireas Foghlama Gairmiúil 2 iniúchadh ar chur chuige comhtháite neamhlíneach i leith na hoibre le Torthaí Foghlama i nGníomhú ar son na hAeráide & Forbairt Inbhuanaithe. Déantar scrúdú breise ar an gcur chuige comhtháite neamhlíneach ar fud na snáitheanna trí dhearadh comhoibríoch eispéiris foghlaimeora a chabhraíonn le gach foghlaimeoir i Seomra Ghníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe. Tugtar isteach an chomhpháirt mheasúnaithe bhreise den tionscadal Gníomhaíochta mar chuid de EFG 2 freisin.

Ábhar Tacaíochta:

Sa chuid seo faightear ábhair na foghlama gairmiúla agus na hacmhainní tacaíochta a úsáideadh le linn EFG 1 & 2. Cabhróidh na hábhair agus na hacmhainní tuilleadh le foghlaim ghairmiúil comhghleacaithe ag leibhéal na scoile, agus leis na múinteoirí sin atá nua don ábhar.

Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos. Is féidir leat teacht ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil

Acmhainní agus Ábhar Tacaíochta:

Seimineár Gréasáin 1: Coincheapa agus prionsabail Ghníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe a thabhairt isteach

Forléargas ar Seimineár Gréasáin 1:

Sna hacmhainní ó Sheimineár Gréasáin 1 tugadh buneolas ar choincheapa agus ar phrionsabail na Sonraíochta um Ghníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe agus tugadh deis do rannpháirtithe dul i ngleic i gcomhar le chéile leis an tsonraíocht um Ghníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe.

Ábhar Tacaíochta:

Sa rannóg seo tá ábhair na foghlama gairmiúla agus na hacmhainní tacaíochta a úsáideadh le linn Sheimineár Gréasáin 1.

Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos. Is féidir leat rochtain a fháil ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.

Acmhainní agus Ábhar Tacaíochta:

Seimineár Gréasáin: Bualadh agus Beannú

Forléargas ar an Seimineár Gréasáin Bualadh agus Beannú:

Thug ár Seimineár Gréasáin Bualadh agus Beannú deis dúinn intreoir a thabhairt ar an gceist Gníomhú ar son na hAeráide & Forbairt Inbhuanaithe, breac-chuntas a thabhairt ar an gclár foghlaim ghairmiúil do 2024/25 agus do rannpháirtithe na scoileanna píolótacha bualadh lena chéile.

Ábhar Tacaíochta:

Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos. Is féidir leat rochtain a fháil ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.

Acmhainní agus Ábhar Tacaíochta:

Back to Top