Ábhair foghlama ghairmiúla

Sa roinn seo aimseofar na hábhair foghlama gairmiúla agus na hacmhainní tacaíochta do Mhúinteoirí Tíreolaíochta.

EFG 2023/2024: Ag Úsáid Scileanna Tíreolaíochta i seomraí na Sraithe Sóisearaí

Achoimre ar na hEispéiris um Fhoghlaim Ghairmiúil 2023/2024

Scrúdaíonn na hacmhainní ón Eispéireas Foghlama Gairmiúil seo conas, trí scileanna tíreolaíochta a fhorbairt inár seomra ranga, is féidir linn cur ar chumas na scoláirí smaoineamh ar nós tíreolaithe. Déantar machnamh freisin ar phleanáil chun scileanna geografacha a fhí isteach thar na 3 bliana de Thíreolaíocht na Sraithe Sóisearaí ar fud an EFG seo.

Ábhar Tacaíochta:

Sa rannóg seo tá ábhair na foghlama gairmiúla agus na hacmhainní tacaíochta a úsáideadh le linn EFG 2023/24. Tacóidh na hábhair agus na hacmhainní tuilleadh le foghlaim ghairmiúil comhghleacaithe ag leibhéal na scoile, agus leis na múinteoirí sin atá ag tosú ar an ábhar nó ag filleadh air.

Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos. Is féidir leat rochtain a fháil ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.

Acmhainní agus Ábhar Tacaíochta:

ScéalMhapa: Ag úsáid scileanna tíreolaíochta sa seomra ranga tíreolaíochta

Cliceáil chun breathnú
EFG 2022/2023: Ag féachaint siar chun bogadh ar aghaidh

Achoimre ar na hEispéiris um Fhoghlaim Ghairmiúil 2022/23:

Scrúdaíonn na hacmhainní ón Eispéireas Foghlama Gairmiúil seo an tábhacht a bhaineann le tíreolaíocht áitiúil a úsáid chun Aonaid Foghlama a fhorbairt. Mar chuid den iniúchadh sin, treisíonn siad an luach a bhaineann le heispéiris foghlaimeora a fhorbairt a thacaíonn le rannpháirtíocht, cuimsiú agus measúnú an scoláire.  Trí na hacmhainní ó sheisiún an EFG, déantar machnamh ar phleanáil thar an tréimhse 3 bliana de thíreolaíocht na Sraithe Sóisearaí.

Ábhar Tacaíochta:

Sa rannóg seo tá ábhair na foghlama gairmiúla agus na hacmhainní tacaíochta a úsáideadh le linn EFG 2022/23. Tacóidh na hábhair agus na hacmhainní tuilleadh le foghlaim ghairmiúil comhghleacaithe ag leibhéal na scoile, agus leis na múinteoirí sin atá ag tosú ar an ábhar nó ag filleadh air.

Tá naisc chuig gach doiciméad/ábhar ábhartha ar fáil thíos. Is féidir leat rochtain a fháil ar an ábhar ar líne, nó leaganacha PDF de na doiciméid a íoslódáil.

Acmhainní agus Ábhar Tacaíochta:

ScéalMhapa: Aonaid Foghlama a Thógáil ar Thíreolaíocht Áitiúil

Cliceáil chun breathnú

Back to Top