Sa rannóg seo tiocfaidh tú ar na hábhair foghlama gairmiúla agus na tacaí ábhartha is féidir a úsáid chun tacú le forbairt ghairmiúil aonair agus faoi stiúir scoile i ngach réimse de Cheol na Sraithe Sinsearaí.
Achoimre ar na hEispéiris um Fhoghlaim Ghairmiúil 2024/2025
Tugann an EFG seo deis do mhúinteoirí ceoil imscrúdú a dhéanamh ar Phríomhinniúlachtaí na Sraithe Sinsearaí a foilsíodh le déanaí trí lionsa Ráiteas Chlár na hIdirbhliana a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2024. Pléifidh múinteoirí an curaclam nua seo trí iniúchadh a dhéanamh ar ár modúl 10 gceacht atá deartha ag Oide do Cheol na hIdirbhliana.
Tacaí
Tá naisc chuig na hábhair ábhartha go léir ar fáil thíos. Íoslódáil na doiciméid nó bain úsáid as an ábhar ar líne.
Cur i Láthair Treoraíonn an cur i láthair tú tríd an Eispéireas Foghlama Gairmiúil seo.
Leabharlann Scóir Dhigiteacha Ceoil Tá gach comhad MIDI agus MusicXML Oide ann le híoslódáil i do rogha bogearraí nodaireachta.
Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí Sainaithnítear sa cháipéis seo 8 dTreoirphrionsabal na Sraithe Sinsearaí agus na 7 bPríomhinniúlacht.
An Idirbhliain I measc na dtacaí tá Gnéithe Scoláire na hIdirbhliana agus an Modúl Pleanála 10-gceacht deartha ag Oide do Cheol na hIdirbhliana .
Tacaí Seomra Ranga Tá 3 phacáiste ann ón tsraith Ceol an/na… Ceol na hEachtraíochta, Ceol an Spóirt agus Ceol an Athraithe